An difríocht idir athruithe ar: "Bráithreachas na Poblachta"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
Eagraíocht náisiúnaíoch rúnda, faoi mhionn dílseachta, [[Éire|Éireannach]] ab ea é '''Bráithreachas na Poblachta''' (nó ''Irish Republican Brotherhood'' (IRB) mar a ghlaoitear air as [[Béarla]]). Bhí an eagraíocht dírithe ar [[Éire]] a shaoradh ó bhráca [[Sasana|Shasana]], agus iad sásta leas a bhaint as an lámh láidir agus as an bhforéigean leis an gcuspóir seo a shroicheadh. D'insíothlaigh siad na heagraíochtaí náisiúnaíocha cultúrtha, ar nós [[Cumann Lúthchleas Gael|Chumann Lúthchleas na nGael]] agus [[Conradh na Gaeilge]], agus mar sin, b'iad a bhí taobh thiar d'[[Éirí Amach na Cásca]] sa bhliain [[1916]]. Cé gur theip ar an Éirí Amach, mhúscail sé suim i gcás agus i gcúis na nÉireannach ar fud an tsaoil mhóir, agus chabhraigh sé le hathbheochan na cúise náisiúnaíche in Éirinn féin.[[Image:The Irish Fenian Executive.jpg|thumb|Feidhmeannas Bhráithreachas Phoblacht na bhFíníní]]
 
B'é an tÉirí Amach an móréacht deireanach a raibh lámh ag an mBráitheachas ann, nó bunaíodh an t[[IRA]] go gairid ina dhiaidh sin.