An difríocht idir athruithe ar: "FET y de las JONS"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Páirtí polaitiúil sa Spáinn ab ea '''FET y de las JONS''' - '''Falange Española Tradicionalista y de las Juntas de la Ofensiva Nacional-Sindicalista'''. Is éard is brí leis an...
 
No edit summary
Líne 1:
Páirtí polaitiúil sa Spáinn ab ea '''FET y de las JONS''' - '''Falange Española Tradicionalista y de las Juntas de la Ofensiva Nacional-Sindicalista'''. Is éard is brí leis an ainm fada ná "Falang Spáinneach na dTraidisiúnaithe agus na gCoistí um Ionsaí Náisiúnta Sindeacáiteach". Tháinig an Falang seo ar an bhfód ar an 19 Aibreán 1937, díreach le linn Chogadh Cathartha na Spáinne. San Fhalang, chuaigh dhá pháirtí éagsúla ón eite dheas le chéile, mar atá, na traidisiúnaithe a bhí ag éileamh go gcuirfí an ríocht ar bun arís sa tír agus go gcuirfí rí de chlann Bourbon á rialú, agus na sindeacaítighsindeacáitigh náisiúnta a raibh níos mó suime acu i ndeachtóireacht nua-aoiseach i stíl Hitler. I ndiaidh do Franco bua a bhreith ar lucht na Poblachta sa Chogadh Cathartha, b'é an Falang an t-aon pháirtí amháin a bhí ceadaithe sa Spáinn.
 
Sa bhliain 1949, fuair an Falang ainm nua - ''Movimiento Nacional'', nó an Ghluaiseacht Náisiúnta. I ndiaidh bhás Franco, d'imigh an Ghluaiseacht seo de dhroim an tsaoil, siúd is go maireann dreamanna beaga antoisceacha sa Spáinn inniu féin a mhaíonn gurbh iadsan fíor-oidhrí na Gluaiseachta.
 
Ní raibh mórán fíorchumhachta ag an bhFalang ar na polasaithe praiticiúla riamh, áfach. Club comhrá faoi chúrsaí polaitíochta a bhí iontu go bunúsach agus iad ag plé moltaí éagsúla radacacha, ach is ar éigean a cuireadh smaoineamh ar bith dá gcuid i gcrích. Bhí Franco i gceannas ar an tír agus é á rialú mar ab fhearr leis féin, agus dearcadh traidisiúnta coimeádach aige.