An difríocht idir athruithe ar: "Johan Ludvig Runeberg"

Content deleted Content added
No edit summary
Bastique (plé | dréachtaí)
oitiméireacht
Líne 1:
[[Image:Johan_Ludvig_Runeberg_1893.jpg|thumb|Johan Ludvig Runeberg sa bhliain 1893]]
Fuck
Siúd is gur chum '''Johan Ludvig Runeberg''' ([[5 Feabhra]] nó [[7 Feabhra]] [[1804]] a rugadh é; [[6 Bealtaine]] [[1877]] a fuair sé bás) a chuid saothar as [[Sualainnis]], dearctar air inniu mar fhile náisiúnta na [[An Fhionlainn|Fionlainne]]. Rugadh i [[Jakobstad]] ([[Pietarsaari]]) san [[An Ostrabóitne|Ostrabóitne]] é, agus bhí a athair, [[Lorenz Ulrik Runeberg]], ina chaptaen mara. Ba í a mháthair, [[Anna Maria]] née Malm, an t-aon tuismitheoir a raibh aithne ag "Janne" beag air go dtí go raibh sé trí bliana d'aois, nó d'fhan an t-athair chomh fada sin ag taisteal na bhfarraigí. Ba é Johan Ludvig an páiste ba shine sa teaghlach. Saolaíodh triúr deirfiúr: [[Ulrika Carolina Runeberg|Ulrika Carolina]], [[Maria Mathilda Runeberg|Maria Mathilda]] agus [[Emilie Runeberg|Emilie]] i ndiaidh Johan Ludvig, chomh maith le beirt bhuachaill eile, [[Viktor Runeberg|Viktor]] agus [[Nestor Runeberg|Nestor]], a chuaigh le mairnéalacht nuair a tháinig siad i mbun a méide.
 
==Blianta an Staidéir==
Sa bhliain [[1822]], chuaigh Runeberg ag staidéar fealsúnachta san acadamh i d[[Túrcú]]. I measc a chuid cairde bhí fir a rinne gal agus gaisce is saol cultúrtha na tíre ina dhiaidh sin, cosúil le [[Johan Jakob Nervander]], [[Johan Vilhelm Snellman]] agus [[Elias Lönnrot]].
Bhain sé amach a chéim ollscoile sa bhliain [[1827]]. Shaothraigh sé luach a staidéir ag múinteoireacht i [[Saarijärvi]], sa chuid den tír ina raibh an [[Fionlainnis|Fhionlainnis]] á labhairt. Ba é an seal sin a thug inspioráid dó lena chuid dánta tírghráúla, thar aon cheann eile an dán úd ''[[Bonden Paavo]]'' (nó ''[[Saarijärven Paavo]]'', mar a thugtar ar an dán as Fionlainnis - is é sin, an feirmeoir Paavo ó Saarijärvi). Tháinig an dán sin i gcló sa bhliain [[1830]], ceithre bliana i ndiaidh an chéad fhoilsiúcháin ó pheann an fhile.
 
==Pósadh agus Teaghlach==
 
Chaith Runeberg samhradh na bliana [[1827]] i b[[Parainen]] (Pargas), in aice le Túrcú, ag múinteoireacht i dteach an Ard-Easpaig [[Jacob Tengström]]. Ansin a casadh Fredrika air - cailín óg arbh é an tEaspag a huncail. Thit siad i ngrá le chéile, agus phós siad trí bliana go leith ina dhiaidh sin. Rugadh ochtar clainne dóibh, ach cailleadh beirt acu sin go hóg.
 
==Obair==
Bhí Runeberg ar an chéad eagarthóir ar an ''Helsingfors Morgonblad'', nuachtán [[Sualainnis|Sualainnise]] a thosaigh ag teacht amach in [[Heilsincí]] sa bhliain [[1832]]. I dtús na bliana [[1837]], fuair Runeberg fostú mar léachtóir le litríocht na sean-Róimhe, agus chuaigh an teaghlach go léir a chónaí go [[Porvoo]] (Borgå). I bPorvoo, bhí sé ag déanamh eagarthóireacht ar ''Borgå Tidning'', nuachtán áitiúil Sualainnise. Sa bhliain [[1857]], chuaigh Runeberg ar pinsean ón múinteoireacht, agus é ag dul le scríbhneoireacht go lánaimseartha anois. Buaileadh le stróc é sa bhliain [[1863]], agus é amuigh ag sealgaireacht. D'fhág an stróc ina bhalbhán go lá a bháis é.
 
==Saothar Liteartha==
Is iad ''Fänrik Ståls sägner'', nó [[Scéalta an Mheirgire Stål]], an chuid is clúití de shaothar Runeberg. (Faoin teideal Fionlainnise - ''Vänrikki Stoolin tarinat'' - is fearr a aithníonn Fionlannach an lae inniu iad.) Dánta laochais is ea iad ina gcuirtear síos ar [[Cogadh na Fionlainne|Chogadh na Fionlainne]] idir an tSualainn agus [[an Rúis]] sna blianta [[1808]]-[[1809]]. D'fhág an cogadh seo an Fhionlainn ag [[an Impire Rúiseach]]. Mar sin, tá Runeberg, go bunúsach, ag móradh naimhde an Impire sna dánta seo, rud a chuir isteach ar na cinsirí san Fhionlainn ag an am. Mar sin féin, d'éirigh leis an bhfile na dánta seo a fhoilsiú faoi chlúdach leabhair lena lá féin. Tháinig an chéad chuid amach sa bhliain [[1848]], agus cuireadh an dara himleabhar i gcló sa bhliain [[1860]].
 
Cuid de shiombaileachas náisiúnta na Fionlainne is ea iad na dánta seo, chomh maith leis na daoine ar a dtugtar cur síos iontu. Is é an ceann is tábhachtaí acu an dán tosaigh, ''Vårt land'', nó ''Maamme'', arb é an t-amhrán náisiúnta é inniu. Thairis sin, ní mór ''Björneborgarnas marsch'' - ''[http://www.presidentti.fi/fin/instituutio/porilaisten_marssi.html Porilaisten marssi]'', is é sin, máirseáil na saighdiúirí ó chathair [[Pori]] - a lua. Is í an mháirseáil seo ceol suaitheantais [[Uachtarán na Fionlainne]] agus máirseáil onórach [[Arm na Fionlainne]] inniu, ach bhí an fonn ann sular chuir Runeberg na focail leis. Maidir le ''Sven Dufva'', cuireann an dán seo síos ar shaol agus ar bhás [[Sven Dufva]], fear óg ar bheagán céille a théann sna saighdiúirí, ós rud é nach bhfuil aon mhaith ann le haghaigh obair feirmeoireachta, agus cé nach bhfuil an tsaighdiúireacht ag éirí leis go rómhaith ach an oiread, faigheann sé bás an laoich sa deireadh, agus é ina sheasamh ar an droichead leis na Rúisigh a stopadh ón abhainn a thrasnú:
 
"Bra, bra", han ropte, - "bra, håll ut, min käcka gosse du,
släpp ingen djävul över bron, håll ut en stund ännu!
Det kan man kalla en soldat, så skall en finne slåss!
Fort, gossar, skynden till hans hjälp! Den där har räddat oss!"
 
"Maith thú, maith thú", a scairt sé, - "maith thú, lean ort, a bhuachaill bhreá,
Ná lig d'aon duine teacht thar an droichead, lean ort ar feadh tamaillín fós!
Seo daoibh saighdiúir a thuill a ainm, sin mar ba chóir don Fhionlannach cath a chur!
Brostaigí libh, a bhuachaillí, chun fortachta dó! Eisean a shábháil gach mac máthar againn."
 
Ní thagann an chabhair in am, agus sa deireadh thiar, feicimid Sven sínte marbh ina spréiteachán san fhéar. Cromann Sandels, an ceannfort, ar é a scrúdú, agus sonraíonn sé go bhfuil poll piléir díreach in aice le croí an tsaighdiúra. An tátal a bhaineann sé as seo, is cuid de bhéaloideas na bhFionlannach inniu é:
 
"Den kulan visste hur den tog, det måste erkänt bli",
så talte generalen blott, "den visste mer än vi.
Den lät hans panna bli i fred, ty den var klen och arm,
och höll sig till vad bättre var: hans ädla, rätta barm."
 
"Bhí fios a bhealaigh ag an bpiléar seo, níl a shéanadh ann",
Sin mar a labhair an ginearál go simplí, "bhí a fhios aige níb fhearr ná againn féin.
Níor bhac sé le clár a éadain, an áit bhocht chráite sin,
b'fhearr leis an áit ab fhearr: an croí a bhí chomh ceart, chomh huasal."
 
==An Chonspóid==
 
Is é an rud a dúirt Göran Hägg, an staraí liteartha ón tSualainn, ina réamhrá don eagrán nua póca de ''Fänrik Ståls sägner'' ná nach bhfuil mórán de bhlas na bolscaireachta le mothú ar na "scéalta" seo, ós rud é go bhfuil siad ag móradh an díomua in áit an bhua - is é an críochthoradh a bhí ar "Chogadh na Fionlainne" sna blianta 1808-9 ná go ndeachaigh an Fhionlainn ó lámh na Sualainne go lámh na Rúise Impiriúla. Sin é an cineál caint a shamhlófá le Sualannach, ach port eile ar fad a bhíonn ag na Fionlannaigh, nó ba mhór an t-ábhar conspóide é ról Runeberg i bhforbairt chultúr na tíre ó am go ham.
 
Nuair a bhain na Fionlannaigh amach a neamhspleáchas, canónaíodh Runeberg mar fhile náisiúnta. Ar feadh tamaillín, bhí sé fiú coiscthe le dlí "cuimhní náisiúnta", ar nós fhilíocht Runeberg, a náiriú. Ar ndóigh, tháinig aisfhreagra sna sálaí ag a leithéid de chanónú. Le maolú ar an bhforlámhas a bhí ag an náisiúnachas i saol cultúrtha na Fionlainne, tháinig ionsaithe foghacha faoi Runeberg ó na caogaidí i leith.
 
B'é Väinö Linna an duine ba túisce a leomh locht a fháil ar aisling náisiúnaíoch Runeberg, thiar sna caogaidí. Go bunúsach, bhí sé den bharúil gur aisling uasal le híseal a bhí ann. Mar shampla, an dóigh ar chuir an file síos ar Sven Dufva, rinne sé amadán cruthanta de nach raibh aon mhaith ann ach amháin le hurchair a stopadh - agus is é an chiall a bhain Linna as sin ná gurb é seo an t-aon mheas amháin a bhí ag aicme bhuirgéiseach na Fionlainne úr-neamhspleáiche ar chosmhuintir na tíre, chomh tugtha is a bhí an aicme sin do Runeberg agus dá aisling.
 
 
[[Rang:Scríbhneoirí|Runeberg, Johan Ludvig]][[Rang:Básanna i 1877]][[Rang:Breitheanna i 1804]][[Rang:An Fhionlainn]]
 
[[pt:Johan Ludvig Runeberg]]
[[da:Johan Ludvig Runeberg]]
[[de:Johan Ludvig Runeberg]]
[[en:Johan Ludvig Runeberg]]
[[es:Johan Ludvig Runeberg]]
[[eo:Johan Ludvig RUNEBERG]]
[[fi:Johan Ludvig Runeberg]]
[[sv:Johan Ludvig Runeberg]]