An difríocht idir athruithe ar: "Edgar Rice Burroughs"

Content deleted Content added
m robot Adding: sh:Edgar Rice Burroughs
Íomhánna caite isteach
Líne 1:
[[Íomhá:E-R-Burroughs.jpg|deas|200px|thumb|Edgar Rice Burroughs.]]
Scríbhneoir [[SAM|Meiriceánach]] ab ea é '''Edgar Rice Burroughs''' a scríobhadh úrscéalta den chineál éadrom. Saolaíodh i [[Chicago|Siceagó]] é ar [[1 Meán Fómhair|an chéad lá de Mhí Mheán Fómhair]], [[1875]], agus bhásaigh sé in Encino ([[California|Caileafóirnia]]) ar [[19 Márta|an naoú lá déag de Mhí na Márta]], [[1950]].
 
Line 7 ⟶ 8:
 
Bhí Burroughs ag saothrú a choda ag díol biorthóirí peann luaidhe, nuair a thosaigh sé ag cumadh scéalta. Bhí sé thar a bheith míshásta leis na scéalta a léadh sé ar na hirisí laín (''pulp'') a raibh ráchairt na ndaoine orthu ag an am, roimh theacht na scannán agus na teilifíse, agus faoi dheireadh, chinn sé ar an scéalaíocht a mhúineadh dóibh siúd a bhí i mbun na hoibre roimhesean. Sa bhliain 1912, cuireadh an chéad sraithscéal óna pheann i gcló ar an iris ''All-Story''. B'é sin ''Under the Moons of Mars'', a foilsíodh mar leabhar ina dhiaidh sin faoin teideal ''The Princess of Mars''. B'é seo an chéad scéal faoi [[John Carter (Mars)|John Carter]].
[[Íomhá:Tarzan of the Apes.jpg|clé|150px|thumb|Clúdach an leabhair ''Tarzan of the Apes''.]]
 
Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Burroughs leis an scríbhneoireacht mar obair lánaimseartha, agus tháinig an chéad leabhar faoi Tarzan ar pár sa bhliain chéanna. B'é Tarzan ba mhó a thuill clú dó mar scríbhneoir, ach thairis sin, scríobh sé cuid mhór scéalta [[ficsean eolaíochta|ficsin eolaíochta]] nach raibh baint acu le Tarzan ná le John Carter.