An difríocht idir athruithe ar: "Oileáin Árann"

Content deleted Content added
LiamÓ (plé | dréachtaí)
No edit summary
LiamÓ (plé | dréachtaí)
Líne 11:
Sí an [[Gaeilge|Ghaeilge]] gnáth-theanga formhór na ndaoine i gcónaí.
 
Turasóireacht agus iascaireacht na príomh shlite beatha ar na h-oileáin. Tá an talamh an-bhocht, ach bhí ceangal daingean ag na hoileánaigh i gcónaí leis an bhfarraige. San am atá thart, bhí an-tábhacht le baint feamainne ar na h-oileáin, go háirithe i gcóir táirgeadh [[Íodín]]. Sa samhradh, tá teacht ar na hoileáin go héasca le báid bheaga ó [[Conamara|Chonamara]] agus [[contaeContae an Chláir]], i mbeagán thar uair an chloig. Tá aerstrácaí, freisin, ar na trí hoileán, a thosaigh [[Aer Arann]] os cionn 30 bliain ó shin.
 
Idir 2002 agus 2006 thit daonra na n-oileán ó 1280 go 1218. I 2002 ar an oileán is mó, Inis Mór, bhí 831 duine, le 270 acusan i gCill Rónáin. Ní raibh ach 187 ar Inis Meáin, an dara hoileán is mó agus bhí 262 duine in Inis Oírr.