An difríocht idir athruithe ar: "Tomás de Bhaldraithe"

Content deleted Content added
m Catagóirí, naisc
No edit summary
Líne 1:
Scoláire aithnidiúil Gaeilge abba ea é '''Tomás de Bhaldraithe''' ([[14 Nollaig]], [[1916]] - [[24 Aibreán]], [[1996]]). Rugadh i [[Luimneach]] é, ach d'aistrigh a mhuintir go [[Baile Átha Cliath]] nuair a bhí sé cúig bliana déag. Is é an t-ainm a baisteadh air ó thús ná ''Thomas McDonagh Waldron'', i ndilchuimhne ar Thomás Mac Donncha a básaíodh i ndiaidh dó Forógra na Cásca a shíniú, ach is faoin leagan Gaeilge dá ainm is fearr a aithnítear é.
 
Is é an foclóir Béarla-Gaeilge is mó a thuill clú dó, agus é ar ceann de na clocha míle is mó i bpleanáil, i bhforbairt agus i gcaighdeánú na Gaeilge. Bhí an-tionchar ag an bhfoclóir seo ar an gcineál Gaeilge a chleachtann foghlaimeoirí na teanga. Fuair sé tacaíocht ó [[Eamon de Valera]] dá pholasaí i leith an cheartlitrithe, agus mar sin, d'éirigh leis buille mór a bhualadh in aghaidh an tseanlitrithe.