An difríocht idir athruithe ar: "Franz Mesmer"

dochtúir Gearmánach
Content deleted Content added
Leathanach nua: Rugadh Franz Anton Mesmer ar an 23 Bealtaine, 1734 agus ba é a chum an téarma magnétisme animal (maighnéadachas ainmhíoch) nó mesmerisme mar a thug daoine eile air. Bunaíodh a...
(No difference)

Leagan ó 16:52, 1 Iúil 2008

Rugadh Franz Anton Mesmer ar an 23 Bealtaine, 1734 agus ba é a chum an téarma magnétisme animal (maighnéadachas ainmhíoch) nó mesmerisme mar a thug daoine eile air. Bunaíodh an hiopnóis ar a chuid taighde agus ar na teoiricí a bhí aige. Rugadh san Eilbhéis é agus tar éis dó staidéar a dhéanamh in ollscoileanna Íosánacha Dillinge agus Ingolstadt, thug sé faoi léann na míochaine in Ollscoile Vín i 1759. Scríobh sé tráchtas ar thionchar na gealaí ar cholainn an duine. Phós sé baintreach shaibhir agus chuaigh ag obair mar dhochtúir i bpríomhchathair Impireacht na hOstaire, Vín. Chum sé a chuid teoiricí faoi mhaighnéadachas ainmhíoch agus thuill sé cáil i measc daoine saibhre cumhachtacha ach caitheadh go leor amhrais ar na modhanna a d'usáid sé chun daoine a leigheas, nó bacanna ar shreabhadh fhórsaí na beatha tríd an cholainn a chealú.