An difríocht idir athruithe ar: "Mearcair (pláinéad)"

Content deleted Content added
m robot Adding: haw:Ukaliali‘i
LiamÓ (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 145:
Is é '''Mearcair''' an pláinéad is gaire don Ghrian sa [[Grianchóras|ghrianchóras]], agus is é is mírialta fithis i ndiadh [[Plútón (pláinéad)|Phlútóin]].
 
Pláinéad carraigeach é Mearcair a bhfuil croí iarainn ina lár agus maintlín de charraig shileacáite air. Tá Mearcair ar an dara pláinéad is lú sa ghrianchóras, má áirítear [[Plútón (pláinéad)|Plútón]] mar phláinéad ar aon nós. Tá méid dhealraitheach Mhearcair ag luainiú idir −0.4 agus 5.5, agus is é an fadú is mó a dhealaíonn ón nGrian ar an spéir é ná 28.3°. Is é is ciall dó seo go gcloíonn Mearcair leis an nGrian chomh cóngarach is nach féidir linn é a aithint ach le clapsholas. Níl muid ró-eolach ar Mhearcair, nó níor tháinig aon spásárthach nó spástaiscéalaí ina ghaire i ndiaidh Mariner 10. Mhapáil an ceann sin 40-45% de dhromchla Mhearcair sna blianta 1974-1975, ach ní dhearnadh léarscáiliú ar bith ar an gcuid eile den phláinéad.
 
Tá Mearcair cosúil go leor lenár nGealach féin, chomh criathraithe agus atá sé le cráitéir, agus ní féidir a mhaíomh go mbeadh atmaisféar aige. Níl aon satailít nádúrtha aige ach an oiread. Bíonn an teocht ar dhromchla an phláinéid ag luainiú idir 90 agus 700 K, is é sin, -180 agus 430 °C. Ós rud é go bhfuil croí iarainn ag an bpláinéad, agus é, fiú, réasúnta mór i gcoibhneas an phláinéid féin, tá réimse maighnéadach ag Mearcair agus é thart ar 1 % de réimse maighnéadach an Domhain. Is é an pointe foghréine an áit is teo, agus is iad na cráitéir timpeall na bpol na cinn is fuaire.
Líne 151:
B'iad na Rómhánaigh a bhaist an t-ainm Mearcair ar an bpláinéad seo, chomh sciobtha agus atá sé ag dul ar aghaidh ar an spéir, cosúil le Mearcair nó Mercurius, teachtaire na ndéithe, i miotaseolaíocht na sean-Róimhe. Roimh an gcúigiú haois roimh bhreith Chríost, shíleadh réalteolaithe na Gréige nach aon rinn neimhe amháin a bhí ann, ach dhá cheann.
 
[[Íomhá:Mercury in color - Prockter07-edit1.jpg|thumb|240px|Mearcair]]
Is é an t-ainm atá ag na Sínigh agus ag a gcuid comharsan ar Mhearcair ná Réalt an Uisce, siúd is gur deacair aon áit a shamhlú a bheadh chomh gann in uisce le Mearcair. Rasoom a bhí ag Edgar Rice Burroughs ar Mhearcair ina chuid leabhar faoi John Carter, ach ní raibh aon ról ar leith ag an bpláinéad seo ina chuid leabhar. Is dócha nár chuir Mearcair riamh fantaisíocht na scríbhneoirí ag obair, ós rud é go bhfuil a fhios ag an saol le fada gur pláinéad tirim seasc atá ann.
 
Line 156 ⟶ 157:
 
Tá aithne ag an gcine daonna ar Mhearcair ó laethanta na réalteolaithe Suiméaracha ar aghaidh, ar a laghad. Bhí siadsan ag obair chomh fada siar leis an tríú mílaois roimh bhreith Chríost, agus is é an t-ainm a bhaist siad ar an bpláinéad seo ná ''Ubu-im-gud-ud''. B'iad na Bablónaigh ba túisce a rinne mionstaidéar ar ghluaiseacht Mhearcair ar an spéir, agus iad ag tabhairt ''Gu-ad'' nó ''Gu-utu'' air. Na sean-Eabhraigh, ansin, d'aithin siad go raibh an pláinéad seo ag cloí go dlúth leis an nGrian, agus is é an t-ainm a bhí acu air ná Kochav-hama, כוכב חמה mar a litrítear as Eabhrais é, a chiallaíonn Réalta na Gréine. Shíl na sean-Ghréagaigh, arís, gur dhá réalta éagsúla a bhí ann, mar atá, Apollo agus Hermes. De réir a chéile, áfach, tháinig an tuiscint acu nach raibh i gceist ach aon rinn neimhe amháin. B'é Piotagóras, fear na triantánachta féin, ba túisce a thuig é. D'aithin Heiriclít, fiú, go raibh Mearcair agus Véineas ag timpeallú na Gréine, seachas a bheith ag fithisiú an Domhain.
 
[[Íomhá:Caloris basin labeled.png|thumb|left|200px|An [[Imchuach Caloris]]]]
 
Sa bhliain 1631, chuir Pierre Gassendi, roimh aon duine eile, sonrú i Mearcair le linn é a bheith ag dul trasna na Gréine ar an spéir. Bhí an trasdul seo tuartha ag Johannes Kepler roimh ré, ach b'é Gassendi an chéad réalteolaí a rinne breathnuithe ar a leithéid. Sa bhliain 1639, arís, d'éirigh le Giovanni Zupi, agus é i muinín teileascóip, a aithint go raibh céimeanna fithise ag Mearcair, cosúil le céimeanna Véineas agus céimeanna na Gealaí. Ba chruthúnas é sin go raibh Mearcair ag timpeallú na Gréine.
Line 202 ⟶ 205:
 
===Iarann===
 
[[Íomhá:Mercury Mariner10.jpg|left|thumb|Mearcair ó [[Mariner 10]]]]
 
Tá níos mó iarainn sa phláinéad seo ná in aon phláinéad eile, i gcoibhneas a mhéide ar a laghad. Cuireadh níos mó ná aon teoiric amháin chun cinn leis an bhfarasbarr seo a mhíniú. Deir teoiric amháin go raibh Mearcair comhdhéanta as miotal agus as cloch sileacáite cosúil leis an gcineál dreigítí a dtugtar coindrítí orthu. Táthar ag déanamh gurb ionann mais Mhearcair ag an am agus mais Mhearcair inniu méadaithe faoi 2.25, agus gur buaileadh Mearcair faoi imbhuailteoir a raibh aon séú cuid den mhais sin ann. Ansin, bhain an t-imbhualadh seo an screamh agus an chuid ba mhó den mhaintlín den phláinéad, i gcruth is nár fágadh mórán thart ar an gcroíleacan. Tá teoiric den chineál chéanna ann a deir gur mar seo a cruthaíodh an Ghealach s'againn féin, is é sin, gur bhuail an próta-Dhomhan faoi imbhuailteoir éigin agus gur scoilteadh an Ghealach de.
Line 214 ⟶ 219:
 
==Breathnóireacht Mhearcair==
 
[[Íomhá:Mercury transit 1.jpg|left|thumb|200px|Is Mearcair an ponc beag atá beagnach i lár [[an Ghrian]]]]
 
Tá sé deacair breathnóireacht a dhéanamh ar Mhearcair ón Domhan, nó tá an pláinéad chomh cóngarach don Ghrian agus go bhfágann tinte dallraitheacha na Gréine dofheicthe ar fad é. Uaireanta, bíonn sé le feiceáil le camhaoir nó le clapsholas.