An difríocht idir athruithe ar: "Mazurek Dąbrowskiego"

Content deleted Content added
m robot Adding: crh:Lehistan gimni
No edit summary
Líne 1:
Is é '''Mazurek Dąbrowskiego''' (is mar "Dombrowski" a fhuaimnítear an sloinne sin Dąbrowski, ó sheasann an litir Pholainnise úd ''ą'' do [o] le srónaíl), nó Masúrca Dąbrowski, amhrán náisiúnta na [[an Pholainn|Polainne]]. Is é an chéad teideal a bhí ar an amhrán ná ''Pieśń Legionów Polskich we Włoszech'' nó Amhrán na Léigiún Polannach san Iodáil. Chum [[Józef Wybicki]] an téacs i gcathair [[Reggio]] sa bhliain [[1797]], agus chualathas an t-amhrán á chanadh sa Pholainn le linn cheannaircí móra na naoú haoise déag, is é sin, Éirí Amach Mhí na Samhna (1830) agus Éirí Amach Mhi Eanáir (1863). Sa naoú haois déag, bhí na gluaiseachtaí daonlathacha ag maíomh dlúthpháirtíochta leis na Polannaigh, agus dá réir sin, haistríodh an t-amhrán go sraith mhaith teangacha. Is féidir é a chanadh as Gearmáinis, mar shampla, faoin teideal ''Noch ist Polen nicht verloren'' ("Níl an Pholainn caillte go fóill").
 
Fuair an file SlovácachSlovacach [[Samuel Tomašik]] inspioráid ón amhrán seo le ''Hej, Slované'' ("Hóra, a Shlavacha") a chumadh - amhrán atá ceaptha mar chomhamhrán náisiúnta do na Slavaigh go léir.
 
Maidir le Mazurek Dąbrowskiego, glacadh leis mar amhrán náisiúnta agus stáit na Polainne sa bhliain [[1827]]. An leagan thíos a úsáidtear go hoifigiúil, tá sé beagáinín difriúil le leagan Wybicki, a bheadh sách deacair le tuiscint ag Polannach an lae inniu, toisc chomh seanfhaisiúnta agus atá an stíl is an teanga.