An difríocht idir athruithe ar: "Johan Ludvig Runeberg"

Content deleted Content added
Bastique (plé | dréachtaí)
m ceartúchán (Rang)
Líne 46:
Nuair a bhain na Fionlannaigh amach a neamhspleáchas, canónaíodh Runeberg mar fhile náisiúnta. Ar feadh tamaillín, bhí sé fiú coiscthe le dlí "cuimhní náisiúnta", ar nós fhilíocht Runeberg, a náiriú. Ar ndóigh, tháinig aisfhreagra sna sálaí ag a leithéid de chanónú. Le maolú ar an bhforlámhas a bhí ag an náisiúnachas i saol cultúrtha na Fionlainne, tháinig ionsaithe foghacha faoi Runeberg ó na caogaidí i leith.
 
B'é [[Väinö Linna]] an duine ba túisce a leomh locht a fháil ar aisling náisiúnaíoch Runeberg, thiar sna caogaidí. Go bunúsach, bhí sé den bharúil gur aisling uasal le híseal a bhí ann. Mar shampla, an dóigh ar chuir an file síos ar Sven Dufva, rinne sé amadán cruthanta de nach raibh aon mhaith ann ach amháin le hurchair a stopadh - agus is é an chiall a bhain Linna as sin ná gurb é seo an t-aon mheas amháin a bhí ag aicme bhuirgéiseach na Fionlainne úr-neamhspleáiche ar chosmhuintir na tíre, chomh tugtha is a bhí an aicme sin do Runeberg agus dá aisling.