An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Cugasacha"

Content deleted Content added
m robot Adding: la:Linguae Caucasicae
No edit summary
Líne 1:
[[Image:Caucasus-ethnic en.svg|thumb|350px|Grúpaí eitneatheangeolaíocha i réigiún na sléibhte Cugasacha]]
 
Grúpa mór ilghnéitheach de theangacha is ea iad na '''teangacha Cugasacha''', agus iad á labhairt ag corradh is deich milliún duine snai Sléibhte CugasachaChugais, ar theorainn na h[[An Eoraip|Eorpa]] agus na h[[An Áise|Áise]], idir an [[An Mhuir Dhubh|Mhuir Dhubh]] agus an [[An Mhuir Chaisp|Mhuir Chaisp]]. Ní [[fine teangacha|fine]] cheart teangacha iad na teangacha Cugasacha dáiríre, nó níl gaol gach teanga acu le chéile deimhnithe ná dearbhaithe ar aon nós, cé gur féidir a rá go bhfuil foghrúpai ann a bhfuil na teangacha iontu gaolmhar le chéile. (Mar shampla, tá gaol ag an tSeisnis agus ag an Iongúisis le chéile gan aon dabht, agus iad fiú intuigthe ag cainteoirí a chéile.) Tá an "fhine Chugasach" bunaithe ar riachtanaisí praiticiúla an taighde, nó cé nach bhfuil cuid de na teangacha seo gaolmhar le chéile, bíonn comhthréithe acu i ndiaidh na gcéadta bliain a d'imir siad tionchar ar a chéile. Mar sin, bíonn sé ciallmhar staidéar a dhéanamh ar theangacha an ghrúpa seo in éineacht nó iad a chur i gcomparáid le chéile.
 
==An tSeoirsis agus na teangacha Cugasacha Deisceartacha==
Líne 15:
Is iad na teangacha Cugasacha Iar-Thuaisceartacha, nó na teangacha Pontacha, nó na [[teangacha Abkhaz-Adyghe]], an tríú foghrúpa atá ina fhíor-fhine teangacha. Is í an Chabairdis an teanga is líonmhaire cainteoirí dúchais acu. Teangacha eile iad an teanga Adyghe, a bhfuil gaol dlúth aici leis an gCabairdis - is minic a dhearctar ar an mbeirt acu mar chanúint aon teanga amháin - agus na teangacha Abkhaz agus Abaza, agus iad níos cosúla le chéile ná leis an gCabairdis nó leis an teanga Adyghe. Bhí a leithéid de theanga ann agus Ubykh freisin, ach fuair an cainteoir deireanach dúchais bás sa bhliain 1992. Bhí an teanga Ubykh níos cosúla leis an teanga Abkhaz agus leis an teanga Abaza, ach b'í an teanga Adyghe a mharaigh í.
 
==Teangacha "neamh-Chugasacha" na CugaiseChugais==
 
Is iad an trí fhine teangacha seo, a cheanglaítear dá chéile mar "theangacha Cugasacha", teangacha fíor-dhúchasacha na CugaiseChugais. Agus an méid sin ráite, tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil air go bhfuil go leor teangacha eile á labhairt sa réigiún:
 
*Teangacha Ind-Eorpacha. Tá go leor [[teangacha Ind-Eorpacha]] le cloisteáil i réigiún na CugaiseChugais. Is í an [[Airméinis]] an ceann is suimiúla acu, is dócha, nó is craobh inti féin í i gcrann ginealais na dteangacha Ind-Eorpacha. Tá cupla [[Teangacha Iaránacha|teanga Iaránach]] ann freisin, go háirithe an [[Óiséitis]], ach thairis sin, labhraítear an teanga Talysh in áiteanna san [[An Asarbaiseáin|Asarbaiseáin]]. Thuas sna sléibhte Cugasacha, cónaíonn Giúdaigh na CugaiseChugais, agus iad ag labhairt Tat, teanga Iaránach eile. Ar ndóigh, teanga Ind-Eorpach í an Rúisis fosta, agus í coitianta go maith sa réigiún.
 
*[[Teangacha Turcacha]] (nó "teangacha Tuircice"). Is í an [[Asarbaiseáinis]] an ceann is tábhachtaí acu, agus í an-chosúil leis an [[Tuircis]] a labhraítear sa [[An Tuirc|Tuirc]] féin. Tá teangacha eile de chuid den ghrúpa seo á labhairt sa réigiún freisin, ar nós na teanga Karachay-Balkar, na teanga Nogai, agus na teanga Kumyk.