An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh an Gheimhridh"

Content deleted Content added
Líne 58:
 
B'é sin Rialtas Terijoki. Bhí [[Terijoki]] (inniu, [[Zelenogorsk]]/''Зеленогорск'' sa Rúis) ar ceann de na háiteanna ba túisce a shealbhaigh na saighdiúirí Sóivéadacha, agus ansin, bhunaigh dornán de Chumannaigh Fhionlannacha, agus iad ar deoraíocht ó phéas na Fionlainne san Aontas Sóivéadach, - bhunaigh siad an rialtas seo faoi choimirce Stailín, agus dá n-éireofaí leis na saighdiúirí Sóivéadacha Heilsincí a shealbhú, dhéanfaí rialtas soip díobh. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh i rialtas Terijoki ach deismireán in iarsmalann na staire.
 
B'iad airí an rialtais seo ná:
 
* [[Otto Wille Kuusinen]], an Príomh-Aire. Bhí sé ina pholaiteoir Sóisialach san Fhionlainn sular bhain an tír amach an neamhspleáchas. Ina fhear óg, ní raibh mórán suime sa Sóisialachas go fóill, nó bhí sé ina thírghráthóir idéalach a raibh a luí le páirtí na bhfeirmeoirí. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé leis na Daonlathaigh Shóisialacha. Bhí sé ina chathaoirleach ar an bpáirtí sin sna blianta 1911-1913. Bhí sé ina Aire Oideachais i dToscaireacht an Phobail sa bhliain 1918. I ndiaidh an Chogaidh Chathartha, theith sé go dtí an Rúis Shóivéadach, agus chuaigh sé le Boilséiveachas agus le Cumannachas. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ina bhoc mór i bPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh.
 
* Mauritz Rosenberg, an tAire Airgeadais. Bhí sé ina iriseoir agus ina aistritheoir. Sna 1920idí, bhí sé ina pholaiteoir Cumannach san Fhionlainn, ach nuair a tosaíodh ag géarleanúint na gCumannach, chaith sé seal cupla bliain sa phríosún. Nuair a scaoileadh saor leis, chuaigh sé go dtí an tAontas Sóivéadach.
 
* Akseli Anttila, an tAire Cosanta. Throid sé i gCogadh Cathartha na Fionlainne agus, ina dhiaidh sin, d'éalaigh sé go dtí an Rúis Shóivéadach. Chuaigh sé san Arm Dearg, agus i mblianta an Dara Cogadh Domhanda, bhí sé ina ghinearál in Arm an Aontais Shóivéadaigh.
 
* [[Tuure Lehén]], an tAire Gnóthaí Inmheánacha. Bhí sé ina rúnaí ag Toscaireacht an Phobail, rialtas na Fionlainne Deirge i gCogadh Cathartha na Fionlainne. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé le Cumannachas agus throid sé i gCogadh Cathartha na Spáinne. Bhí sé ina oifigeach sa [[KGB|NKVD]].
 
* [[Armas Äikiä]], an tAire Talmhaíochta. File radacach a bhí ann a chuaigh le Cumannachas.
 
* Inkeri Lehtinen, an tAire Oideachais. Rugadh san Fhionlainn í, ach d'éalaigh sise agus a tuismitheoirí go dtí an Rúis Shóivéadach sa bhliain 1918, nuair nach raibh Inkeri óg ach deich mbliana d'aois. Gníomhaithe Sóisialacha ab ea a hathair agus a máthair, agus ról acu i mbunú Pháirtí Cumannach na Fionlainne. Maraíodh a hathair i bpurguithe móra Stailín.
 
* Paavo Prokkonen, Aire na [[An Chairéil|Cairéile]]. De réir bholscaireacht an Aontais Shóivéadaigh, bhí an Chairéil Shóivéadach le haontú leis an bhFionlainn Shóivéadach, nuair a bheadh "an Fhionlainn Bhuirgéiseach" cloíte ag an Arm Dearg. Cuid den tsop bolscaireachta ab ea ceapachán Prokkonen. Saoránach Sóivéadach agus Cairéalach eitneach a bhí i bProkkonen féin, agus b'é an t-ainm oifigiúil a bhí air ná Pavel Stepanovich Prokofyev.
 
===Saighdiúirí na Fionlainne===