An difríocht idir athruithe ar: "Vega (réalta)"
Content deleted Content added
m robot Adding: bpy:ভেগা |
No edit summary |
||
Líne 1:
Is í '''Vega''' (nó ''Alpha Lyrae'', α Lyr) an réalta is gile i réaltbhuíon na Líre. Tá sí ar an gcúigiú réalta is gile ar an spéir, agus ar an dara ceann is gile ar spéir oíche an Tuaiscirt, nó is é [[Arcturus (réalta)|Arcturus]] an ceann is gile. Is minic a fheictear in aice an fhorair í i meán-domhanleithead an Tuaiscirt, agus an samhradh ann.
Níl Vega i bhfad ar shiúl uainn, nó níl sí ach faoi 25.3 solasbhliain dínn. In éineacht le Sirius agus Arcturus, tá sí ar
Baineann Vega leis an aicme speictreach A0V, agus í beagáinín níos teo ná Sirius, atá san aicme A1V. Réalta de chuid an [[Príomhsheicheamh|phríomhsheichimh]] atá ann, agus í ag comhleá hidrigin go héiliam. Ós rud é go bhfuil Vega chomh te sin, is dócha nach mbeidh sí leath chomh fadsaolach ná na réaltaí níos fuaire ná í, ar nós ár [[An Ghrian|nGréine]] féin. Tá dhá uair go leith níos mó maise i Vega ná sa Ghrian, ach tá sí á dó caoga uair níos fuinniúla.
|