An difríocht idir athruithe ar: "Zombaí"

Content deleted Content added
Naisc
m better wording
Líne 3:
Is éard atá i gceist le '''zombaí''' ná [[corpán]] agus é aiséirithe le horthaí [[Marbhdhraíocht|marbhdhraíochta]]. Is é an creideamh Afra-Chairibeach, an [[vudú]], is bunús leis an bhfocal féin ''zombaí'', ach tá coincheap an mharbháin athbheoite le fáil ina lán [[miotaseolaíocht]]aí ar fud an domhain. Creideann lucht an vudú gur féidir le h[[asarlaí]] draíocht chumhachtach a oibriú ar an marbhán agus é a ghairm chun beatha arís. Ní bheidh an zombaí ina bheatha i gceart, áfach, ach ina "neamh-mharbh", agus ó nach bhfuil toil ná tuiscint dá chuid féin aige, fanfaidh sé faoi smacht an mharbhdhraoi a d'aiséirigh é.
 
Bíonn na zombaithe an-choitianta i [[Scannán uafáis|scannáin uafáis]] ár linne. B'é [[George A. Romero]] a chuir tús leis an bhfaisean lena scannán ''[[Night of the Living Dead]]'' ón mbliain [[1968]]. B'é Romero a chruthaigh steiréitíopa an zombaí mar is minicí a chastar sna scannáin agus sna coimicí uafáis orainn é sa lá atá inniu ann. Is é an phríomhdhifríocht idir zombaithe an [[béaloideas|bhéaloidis]] Chairibigh agus zombaithe an phopchultúir ná nach mbíonn zombaithe na scannán uafáis faoi smacht aon mháistir: ní bhíonn siad ach ag dul timpeall ina n-amadáin gan chiall, agus aon duine a chasfar orthu, ionsóidh siad é, ionas go dtolgfaidh sé féin galar na "zombaíochta" uathu. Is minic freisin a bhíonn zombaithe na scannán ag baint bhaill an choirp de na daoine beo le páirteanna nua a chur in áit na feola atá ag meath de chnámharlach an zombaí. Sa [[scannán]] ''Return of the Living Dead'' le John A. Russo, bhí na zombaithe an-chosúil le daoine beo, nó bhí toil agus tuiscint dá gcuid féin acu, ach san am céanna, theastaigh uathu go géar inchinn na ndaoine beo a ithe, le maolú leisar an bpian a bhí orthuá gcéasadh féin.
 
Is iomaí scannán a théann i dtuilleamaí an choincheapa a dtugtar "apacailipsis na zombaithe" air. I bplota den chineál sin, iompaíonn galar nó nimh rúndiamhair an chuid is mó den chine dhaonna ina zombaithe, ionas go dtiteann an tóin as an tsibhialtacht ar fad, agus ní fhágtar ach dornán daoine ag cur catha ar na sluaite móra de na zombaithe. Bhí scannán Romero, mar shampla, bunaithe ar an smaoineamh seo, agus le déanaí, tá sé le haithint ar an úrscéal úd ''Cell'' le [[Stephen King]]. Tá "apacailipsis na zombaithe" sách cosúil le bunsmaoineamh an scannáin ''Invasion of the Body Snatchers'' ón mbliain 1956. Sa scannán seo, b'iad na "corpsciobthóirí" ón spás a thuirling ar an Domhan lena gcuid íobartach a iompú ina neacha neamh-mharbha a bhí an-chosúil le zombaithe.