An difríocht idir athruithe ar: "Vársá"

Content deleted Content added
m robot Adding: ta:வார்சா
{{Bosca Sonraí}}
Líne 1:
{{Bosca Sonraí - Cathracha|
|ainm = Vársá
|ainmneacha_eile= Warszawa
|íomhá = Warsaw22hk.jpg
|méid_íomhá = 240px
|teideal_íomhá =
|léarscáil = POL Warszawa map.svg
|méid_léarscáil = 220px
|coord = {{comhor cn|52|13|N|21|0|E|Thuaidh|Thoir|type:city}}
|tír = {{bratach|Poland|An Pholainn}}
|ceantar_teideal= Cúige
|ceantar = Mazowieckie
|teidil_na_gceannairí = Méara
|ainmneacha_na_gceannairí = H. Gronkiewicz-Waltz
|achar = 517 km²
|daonra = 1,704,717<ref>http://www.stat.gov.pl/cps/rde/xbcr/gus/PUBL_voivodship_cities_basic_statistical_data_2007.pdf</ref>
|dlús_daonra = 3,297.3
|staitistic_eile_teideal = Cód phoist
|staitistic_eile= 00-001 go 04-999
|líonláithreán = um.warszawa.pl
}}
Is í '''Vársá''' (''Warszawa'' as [[Polainnis]], ''Warschau'' as [[Gearmáinis]], ''Warsaw'' as [[Béarla]], ''Varsovie'' as [[Fraincis]]) príomhchathair [[An Pholainn|na Polainne]]. Bronnadh céimíocht na [[príomhchathair|príomhchathrach]] uirthi sa bhliain [[1596]]. Tá sí suite cois Abhainn Wisła (Béarla: ''Vistula'', Gearmáinis: ''die Weichsel''), ar aon fhad ó chósta theas [[An Mhuir Bhailt|Mhuir Bhailt]] agus ó Shléibhte Charp. Meastar go raibh 1,676,600 duine ina gcónaí sa chathair féin sa bhliain [[2004]], ach má chuirtear san áireamh iad siúd a raibh cónaí orthu sna cathracha timpeall Vársá, ardófar an figiúr sin go 2,400,000, a bheag nó a mhór. Tá an chathair féin 516.9 ciliméadar cearnach ar achar, ach má chuirtear na cathracha ina timpeall leis an uimhir sin, is é an t-achar a gheofar ná 1226.7 ciliméadar cearnach.
 
Tá Vársá ina príomhchathair ar Chúige na Masóive freisin, agus í ina cathair thábhachtach tionsclaíochta, nó tá monarchana de chineálacha éagsúla le fáil ansin: déantúsaíocht, miotalóireacht, innealtóireacht leictreach agus déantús carranna. Tá sé fhoras ardoideachais is trí scór i Vársá chomh maith, ar nós Ollscoil Vársá, Ollscoil Teicneolaíochta Vársá, an Ardscoil Gnó agus an tAcadamh Míochaine. Thairis sin, tá breis is deich n-amharclann fichead ag obair sa chathair, ar nós Amharclann Náisiúnta agus Ceoldrámaíochta na Polainne.
[[Íomhá:Warszawa-pano.jpg|thumb|right|300px|Cearnóg an Chaisleáin i Vársá]]
 
==Suíomh==
Line 13 ⟶ 33:
Nuair a chuaigh an Pholainn is an Liotuáin in aon stát le chéile, tháinig sé isteach áisiúil príomhchathair a ghairm de Vársá, toisc an áit a raibh an chathair seo suite. Agus ceart go leor rinneadh príomhchathair di sa bhliain 1569, nuair a d'aistrigh an Rí Zygmunt Waza, nó Sigismund Vasa, ó Chracó go Vársá. Sa bhliain 1795, agus an Tríú Críochdheighilt ag dul ar an bPolainn, shealbhaigh [[an Phrúis]] an chathair. Dhá bhliain déag ina dhiaidh sin, chuir fórsaí Napoleon ruaigeadh ar na Prúisigh, agus bunaíodh Ard-Diúcacht nua Vársá timpeall na cathrach. Tháinig deireadh le coinscleo Napoleon i gceann aimsire, áfach. Nuair a tháinig maithe agus móruaisle na hEorpa le chéile i gComhdháil Vín chun caoi a chur ar chosúlacht na hilchríche arís i ndiaidh na n-athruithe móra i mblianta an réabhlóideachais, bhunaigh siad Ríocht na Polainne nó "Ríocht na Comhdhála", a raibh Vársá mar phríomhchathair agus impire na Rúise mar rí aici.
 
[[Íomhá:Warszawa-pano.jpg|thumb|right|300px400px|Cearnóg an Chaisleáin i Vársá]]
===Faoi Bhráca na Rúise===
Siúd is go raibh muintir Vársá faoi bhráca na [[An Rúis|Rúise]], tháinig borradh mór ar an áit sa naoú haois déag. Thosaigh forbairt na tionsclaíochta, agus tógadh cuid mhaith foirgintí gáifeacha, mar an Amharclann Mhór (''Teatr Wielki'') agus Belweder, ina bhfuil cónaí ar Uachtarán na Polainne inniu. Sa bhliain 1816, d'ordaigh Impire na Rúise agus Rí na Polainne, Alastair a hAon, ollscoil a chur ar bun sa chathair.
Line 27 ⟶ 48:
Nuair a d'imigh an gobharnóir Gearmánach Hans Beseler as Vársá faoi rún ar an deichiú lá de Mhí na [[Samhain|Samhna]] 1918, tháinig náisiúnaithe Piłsudski i gceannas ar an bpríomhchathair. Ní raibh deireadh tagtha leis an saol crua go fóill, nó díreach i ndiaidh an chéad chogadh domhanda, phléasc cogadh nua amach idir an Pholainn agus an Rúis Shóivéadach faoi theorainn thoir na Polainne. D'fhéach na Sóivéadaigh le Vársá a ionsaí is a fhorghabháil i samhradh na bliana 1920, ach má d'fhéach féin, d'éirigh leis na Polannaigh an t-arm Rúiseach a stopadh i Radzymin, fiche éigin ciliméadar soir ó thuaidh ó lár na cathrach, ar an séú lá déag de Mhí Lúnasa, 1920. Is gnách leis na Polannaigh "an mhiorúilt chois Abhainn Wisła" (''cud nad Wisłą'') a thabhairt ar an gcath áirithe seo, ó bhí na fórsaí Rúiseacha i bhfad níos líonmhaire ná an t-arm Polannach a chuir ruaigeadh orthu. Le déanaí, áfach, fuair na staraithe amach nach miorúilt a bhí ann ach an dearg-ádh: tháinig na Polannaigh trasna ar an mbanda minicíochta ar a raibh na Sóivéadaigh ag craoladh a gcuid orduithe, agus bhris siad cód rúnda an námhad. Mar sin, fuair siad amach an áit a raibh na Sóivéadaigh i bhfoscadh, agus ansin, chuir siad an banda minicíochta sin ó mhaith ar na Rúisigh lena gcuid craolacháin féin.
 
==Tagairtí==
{{Príomhchathracha an AE}}
{{commons|Warszawa}}
{{reflist}}
 
{{Príomhchathracha an AE}}
 
[[catagóir:cathracha]]
[[catagóir:cathracha sa Pholainn]]