An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí Aontachtach Uladh"

Content deleted Content added
m Naisc
Líne 19:
I dtús ama, bhí ionadaithe ag an bpáirtí i ngach contae in [[Éirinn]]. Cé go raibh an lucht ceannais bunaithe sa Deisceart, bhí an chuid ba mhó de na baill ina gcónaí in Oirthear [[Cúige Uladh|Uladh]] san am sin féin.
 
Nuair a chuaigh an deighilt ar Éirinn, bhí [[Edward Carson]] ina chathaoirleach ar an bpáirtí Aontachtach. Thug sé rabhadh gan coimhthíos a chur ar na Caitlicigh roimh an stáitín, nó mura mbeidís in ann a gcuid féin a dhéanamh den stáitín, bheadh trioblóid ann. Chuir biogóideacht a lán Aontachtóirí in Ultaibh déistin air. Níor tugadh an aird cheart ar a chuid rabhadh, áfach, agus sna fichidí, bhí na mílte Caitlicigh ag éalú ón stáitín trasna na teorainne nua.
 
Fir shaibhre ab ea iad Príomh-Airí an Tuaiscirt de ghnáth, agus ba mhinic iad ag caint go dímheasúil faoi na Caitlicigh, arbh aon trian iad de dhaonra an stáitín.
 
Sna seascaidí, d'fhéach an Príomh-Aire [[Terence O'Neill]] le cothrom na Féinne a thabhairt do na Caitlicigh, ach ansin, thosaigh na Dílseoirí, ar nós Ian Paisley, ag cur ina aghaidh. Thosaigh na Dílseoirí agus na péas ó [[Constáblacht Ríoga Uladh|Chonstáblacht Ríoga Uladh]] ag ionsaí na mórshiúlta a bhí ag éileamh cearta sibhialta do na Caitlicigh, agus nuair a maraíodh daoine de lucht na mairseála, chrom an tIRA ar na Protastúnaigh a imeaglú chomh maith. Sa bhliain [[1972]], bhain rialtas na Breataine an chumhacht de na hAontachtóirí, nuair a tháinig an Riail Dhíreach i bhfeidhm.
 
Bhí tionchar an-láidir ag an Ord Oráisteach ar an bpáirtí. Baill den Ord ab ea é gach duine den tseisear Príomh-Airí, agus bhí gach duine de na hAirí Aontachtacha Rialtais go léir ina mbaill freisin, amach ón triúr nach raibh. Thairis sin, d'éirigh triúr eile as an Ord, duine acu nuair a phós a iníon fear Caitliceach, agus duine eile nuair a caitheadh amach as an eagraíocht é toisc go bhfacthas ag searmanas Caitliceach é aon uair amháin. Bhí cúigear ionadaithe déag is ceithre scór ag an bpáirtí i bparlaimint an stáitín i rith na mblianta nach raibh ina mbaill, agus ochtar is ceithre scór a bhí.
Líne 30:
 
==Inniu==
Inniu, tá nasc foirmiúil polaitiúil idir Páirtí Aontachtach Uladh agus an Páirtí Aontachtach Forásach, a bhfuil baint aige le [[Fórsa Óglaigh Uladh]].
 
Tá clár cinn ag an bpáirtí ar an Idirlíon, agus é aistrithe go h[[Araibis]], go [[Beangáilis]], go [[Sínis]], go [[Hiondúis]], go [[Polainnis]], go [[Portaingéilis]], go [[Puinseáibis]] agus go h[[Urdais]]. Níl an [[Gaeilge|Ghaeilge]] faiseanta sa pháirtí, cé go bhfuil foghlaimeoirí aonair le fáil i measc na bpolaiteoirí Aontachtacha féin, Chris McGimpsey thar aon duine eile.<ref>http://www.bbc.co.uk/northernireland/radioulster/historylessons/features148779.shtml</ref>