An difríocht idir athruithe ar: "An Cúpla"

Content deleted Content added
Mahagaja (plé | dréachtaí)
Líne 49:
Baineann [[comhartha astralaíoch]] [[an Cúpla (astralaíocht)|an Chúpla]] ([[Bealtaine 21]] - [[Meitheamh 20]]) leis an réaltbhuíon atá ar aon ainm leis.
 
De réir cúpla cosmeolaíocht, tá baint éigin ag an gCúpla le [[dúil chlasaiceach]] [[Aer (dúil chlasaiceach|an Aeir]], agus mar sin de aithnítear mar chomhartha an aeir é (i dteannta [[an Mheá|na Méá]] agus [[an tUisceadóir|an Uisceadóra]]). Tá an Cúpla freisin ar cheann de na ceithre [[Comhartha Inathraithe|chomhartha Inathraitheinathraithe]] (i dteannta [[an Mhaighdean|na Maighdine]], [[an Saighdeoir|an tSaighdeora]] agus [[na hÉisc|na nIasc]]). Is é [[Mearcair (pláinéad)|Mearcair]] is pláinéad ceannasach leis, agus is é [[an Saighdeoir]] is frithchomhartha polach leis.
 
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Cúpla na lámha. Dar ndóigh, is é an tsiombail atá ar an gcomhartha seo ná [[an Cúpla (miotaseolaíocht)|an Cúpla]]. I measc tréithe an Chúpla áirítear: deisbhéalaí, solabharthacht bhinnbhéalach, scileanna láimhe, agus cumas ar gach taobh den cheist a thuiscint. Cuirtear cúpla drochthréith san áireamh freisin, ina measc: camastaíl, mímhacántacht, corraitheacht agus imní.