An difríocht idir athruithe ar: "Comhar"

Iris liteartha sa Ghaeilge
Content deleted Content added
Leathanach nua: Iris mhíosúil Ghaeilge í '''Comhar''' ina bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha. Bhunaigh lucht na heagraíochta idir-ollscoile An Comhchaidreamh sa bhliain 1942 í. Bhí agu...
(No difference)

Leagan ó 03:18, 16 Lúnasa 2008

Iris mhíosúil Ghaeilge í Comhar ina bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha. Bhunaigh lucht na heagraíochta idir-ollscoile An Comhchaidreamh sa bhliain 1942 í. Bhí agus tá an iris ina fóram do scríbhneoirí nua Gaeilge agus tá sí dírithe ar léitheoirí a bhfuil oideachas orthu. Ba é Breandán Ó hEithir an duine is mó aithne air a bhí ina eagarthóir ar an iris; scríbhneoirí móra le rá a raibh ailt dá gcuid foilsithe ar an iris is ea Seán Ó Riordáin, Máirtín Ó Díreáin, Máirtín Ó Cadhain, Alan Titley agus Seán Mac Mathúna.

Foilsíonn Comhar dornán beag de leabhair freisin.

Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí an iris a thuilleadh ó tharla go raibh Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. Mí an Mheithimh 2008 áfach, fograíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.

Is é Aindrias Ó Cathasaigh eagarthóir nua na hirise.

Tagairtí

The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)

The Irish Times, 25 Meitheamh 2008, 'Tá an iris liteartha Comhar le héirí ó mhairbh':http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3517&viewby=date


Naisc sheachtracha