An difríocht idir athruithe ar: "Comhar"

117 bytes added ,  11 bliain ó shin
Wikify
(Leathanach nua: Iris mhíosúil Ghaeilge í '''Comhar''' ina bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha. Bhunaigh lucht na heagraíochta idir-ollscoile An Comhchaidreamh sa bhliain 1942 í. Bhí agu...)
 
(Wikify)
[[Iris]] mhíosúil [[Gaeilge|Ghaeilge]] í '''''Comhar''''' ina bpléitear [[litríocht]] agus cúrsaí reatha. Bhunaigh lucht na heagraíochta idir-ollscoile ''An Comhchaidreamh'' sa bhliain 1942 í.<ref>The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)</ref> Bhí agus tá an iris ina fóram do scríbhneoirí nua Gaeilge agus tá sí dírithe ar léitheoirí a bhfuil oideachas orthu. Ba é [[Breandán Ó hEithir]] an duine is mó aithne air a bhí ina eagarthóir ar an iris; scríbhneoirí móra le rá a raibh ailt dá gcuid foilsithe ar an iris is ea [[Seán Ó RiordáinRíordáin]], [[Máirtín Ó DíreáinDireáin]], [[Máirtín Ó Cadhain]], [[Alan Titley]] agus [[Seán Mac Mathúna]].
 
Foilsíonn Comhar dornán beag de leabhair freisin.
 
Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí an iris a thuilleadh ó tharla go raibh [[Foras na Gaeilge]] chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. Mí an Mheithimh 2008 áfach, fograíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.<ref>[http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3517&viewby=date The Irish Times, 25 Meitheamh 2008, 'Tá an iris liteartha Comhar le héirí ó mhairbh']</ref>
 
Is é Aindrias Ó Cathasaigh eagarthóir nua na hirise.
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
 
The Irish Times, 25 Meitheamh 2008, 'Tá an iris liteartha Comhar le héirí ó mhairbh':http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=3517&viewby=date
 
 
 
==Naisc sheachtracha==
*[http://www.comhar-iris.ie/ Suíomh Gréasáin Comhar]
 
[[Catagóir:Irispháipéair]]