Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

783 bytes added ,  11 bliain ó shin
Eolas breise
==Óige==
 
Rugadh Ronnie Drew i n[[Dún Laoghaire]] sa bhliain 1934. Chaith sé tamall sa [[An Spáinn|Spáinn]] sna 1950idí ag múineadh Béarla agus ag foghlaim cheol na Spáinne agus bhain sé líofacht amach sa [[Spáinnis]] ansin.
 
==The Dubliners==
 
Bhunaigh Ronnie Drew [[The Dubliners]] in éineacht le [[Luke Kelly]], Ciaran Bourke agus Barney McKenna i 1962. Bhí an t-ainm ''The Ronnie Drew Group'' orthu ar dtús, ach ghlac siad an t-ainm ''The Dubliners'' chucu féin de réir a chéile. Aithníodh Ronnie as an nguth greanach a bhí aige agus é ag canadh agus chuir muintir Bhaile Átha Cliath aithne orthu agus ar a gcuid ceoil le linn dóibh a bheith ag seinm i dTeach Tábhairne O'Donoghue's. Díríodh aird mhór ar an mbanna nuair a bhí amhrán mór-ráchairte acu i gcairteacha ceoil [[An Ríocht Aontaithe|na Ríochta Aontaithe]] sa bhliain 1967, mar atá, ''Seven Drunken Nights.'' agus Chuaighchuaigh an grúpa ar an gclár ceoil cáiliúil, [[Top of the Pops]], chun é a chasadh. Ach chuir [[RTÉ]] cosc ar chasadh an amhráin ar a stáisiúin siúd mar gheall ar liricí an amhráin a bheith gáirsiúil, dar leo.
 
Ach d'éirigh Ronnie tinn tuirseach den síorthaisteal a bhí á dhéanamh ag an mbanna de réir a chéile agus d'fhág sé an banna ar feadh tréimhse idir 1975 agus 1979. D'fhág sé an grúpa go buan ina dhiaidh sin, i 1995. Tugadh onóir do mar cheoltóir ar 22 Lúnasa 2006 nuair a feistíodh múnla de lorg a lámh ar an gcosán taobh amuigh d'Amharclann an Gaiety i mBaile Átha Cliath.<ref>http://www.rte.ie/arts/2006/0823/drewr.html</ref>
 
==Bás==