An difríocht idir athruithe ar: "An Tíogar Ceilteach"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Rang +IV +Nasc +Íomhá
Líne 1:
[[Íomhá:CelticTigerEconomist.PNG|thumb|232px|Clúdaigh ón ''Economist''. Ar chlé ón bhliain 1988: "''the poorest of the rich''". Ar dheis ón bhliain 1997: "''Celtic Tiger - Europe's shining light''".]]
Is é '''Tíogar Ceilteach''' ná an t-ainm a bhaist na hiriseoirí eacnamaíochta[[eacnamaíocht]]a ar [[Poblacht na hÉireann|Éirinn]], nuair a thosaigh geilleagar na tíre ag fás go sciobtha sna [[1990idí|nóchaidí]]. Mhaolaigh beagáinín ar an bhfás sin sa bhliain 2001, ach bhisigh na cúrsaí arís sa bhliain 2003, cé gur féidir maolú áirithe a aithint arís ón mbliain 2007 i leith. Sna blianta seo, tháinig athrú cuma ar an tír go hiomlán ó thaobh na heacnamaíochta de. I ndeireadh na [[1980idí|n-ochtóidí]], bhí Éire ar ceann de na tíortha ba bhoichte in Iarthar na hEorpa - "an ceann is boichte de na tíortha saibhre" mar a chuir clúdach na hirise ''[[The Economist]]'' i bhfoclaibh é sa bhliain 1988 (''the poorest of the rich''). Deich mbliana ina dhiaidh sin, bhí sí ar ceann de na tíortha ba saibhre.
 
Cúis conspóide é i gcónaí, cén fáth ar fheabhsaigh eacnamaíocht na hÉireann mar sin, ach de ghnáth, síltear gurb iad na polasaithe a chuir an Stát i bhfeidhm le heacnamaíocht na tíre a fhorbairt a rinne an mhíorúilt: comhpháirtíocht shóisialta an Stáit, na bhfostóirí agus na gceardchumann; na mná ag tonnadh isteach i margadh na hoibre; leibhéal an ardoideachais in Éirinn; an dóigh ar mealladh isteach na hinfheisteoirí ón gcoigríoch; ráta íseal na gcánach a ghearrtar de na gnólachtaí; an [[Béarla]] ina ghnáththeanga sa tír; agus an bhallraíocht san [[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]].
 
{{síol}}
[[Catagóir:Eacnamaíocht na hÉireann]]
 
[[bg:Келтски тигър]]
[[de:Keltischer Tiger]]
[[en:Celtic Tiger]]
[[es:Tigre Celta]]
[[fr:Tigre celtique]]
[[gl:Tigre céltico]]
[[it:Celtic Tiger]]
[[no:Den keltiske tiger]]
[[pl:Celtycki tygrys]]
[[ro:Tigrul Celtic]]
[[fi:Kelttiläinen tiikeri]]