Content deleted Content added
Meabhar (plé | dréachtaí)
→‎Albain: - freagra ar
Líne 117:
 
Cén comhaontú? Tú féin agus Gabriel, ag baint mí úsáid as bhur riar. Feictear domsa gur é an príomh-rud atá ar siúl agatsa ná ag sá do ladar ar ailt atá scríofa ag daoine eile. Faoi ainmneacha bailí. Dá gcuirfeá ceathrú an fhuinnimh sin ag cur ábhar ar fáil, bheimis ar fad buíoch díot. An éifeacht is mó led' cuid sracadh a fheicimse ná olc a chur ar dhaoine eile. Tá tú féin ag sá athraithe ar áitreamh an ailt le fada, gan aon cheart aige. Alba ainm na tíre sin, agus d'aon Ghaeilgeoir gur fiú an ainm é, is an ait go deo an bail air "Albain" san ainmneach. Tá sé seo mínithe go dian agam le fada fada, agus é ar eolas agat féin. Chuir an té a chum "an Chaighdeán Oifigiúil" an leagan sin "Albain" ar fáil, agus níor bhac aon duine é a cheartú ó shoin, ach á phiocadh as sin agus as foclóir de Bhaldraithe. Ní mise ná tusa ná ar Rannóg Aistriúchán a chum an Ghaeilge ná a cuid sean-ainmneacha. Agus ní chuireann dearmad a leanann go bacach ó na caogaidí ar aghaidh athrú ar an bhfírinne sin. Agus ar ndóigh, tá tú féin le fada ag déanamh athraithe gan mhíniúchán cheart a thabhairt orthu. [[Úsáideoir:Meabhar|Meabhar]] 22:25, 9 Lúnasa 2005 (UTC)
 
Féach, nílím in ann cinneadh a dhéanamh faoin scéal [[Alba]]/[[Albain]], mar nílím cinnte faoin ainm is cirte. Ach tá sé ar thaispeáint agat nach bhfuil tú sásta glac le conas mar a fheidmíonn an Vicipéid. Muna bhfuil tú sásta an scéal a phlé ar an leathanach plé, ní féidir leat an t-ábhar a tharraingt anonn is anall as ainm amháin go hainm eile, mar cuirtear mearbhall ar an stair athruithe. Tá an glas ann anois chun an stair athruithe a chosaint - níl sé ann chun stádas a thabhairt do [[Alba]] nó [[Albain]]. Caithfear an scéal a phlé ar an leathanach plé, nó gan aon rud a dhéanamh. --[[Úsáideoir:Gabriel Beecham|Gabriel Beecham]] 22:44, 9 Lúnasa 2005 (UTC)