Bhí an bua aige i gcomhair ainmniúchán an [[Páirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Daonlathaigh]] a fháil don toghchán uachtaránachta i Samhain 2008 thar [[Hillary Clinton]], [[John Edwards]] agus roinnt iarrthóirí beagabheaga eile. Ar [[3 Eanáir]] [[2008]] bhuaigh Obama an chéad vótáil stáit chun an iarrthóir Daonlathach a roghnú in [[Iowa]], le 38% den vóta, 8% níos mó ná Edwards agus Clinton sa dara agus triú háit. Thug an bua móiminteam dó, ag spreagadh coitiantas agus suim ina chuid feachtas, a chaill sé faoi chúpla phointí sa chéad vótáil eile ar [[8 Eanair]] i [[New Hampshire]]. Bhuaigh Clinton [[Nevada]] agus Obama [[Carolina Theas]] tár éis seo. Roinn siad na vótaí ar an [[Máirt Móir]] ar [[6 Feabhra]] ach bhuaigh 11 toghcháin stáite ar aghaidh a chéile ina dhiaidh sin. Bhí tromlach na thoscairí den pháirtí ag Obama faoi [[3 Meitheamh]]. Beidh sé ag dul in aghaidh [[John McCain]], rogha an [[Páirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Phoblachtaigh]], sa toghchán ginearálta.