An difríocht idir athruithe ar: "An tSoirbis"

Content deleted Content added
m robot Adding: fy:Sorbysk
No edit summary
Líne 18:
Áirítear an dá chineál Soirbise ar na teangacha Slavacha Iartharacha, agus mar sin, is iad an [[Polainnis|Pholainnis]], an t[[Seicis]] agus an t[[Slóvaicis]] na trí theanga is gaolmhaire léi. Mar sin féin, tá a lán saintréithe ag an tSoirbis nach bhfuil le fáil sna teangacha seo, go háirithe an uimhir dhéach, sa bhreis ar an uimhir uatha agus an uimhir iolra. Ar ndóigh, d'imir an Ghearmáinis an-tionchar ar an tSoirbis idir stór focal, fhuaimniú, agus ghramadach. Is féidir lorg na Gearmáinise a aithint ar úsáid na réamhfhocail ach go háirithe. Ón taobh eile de, tá córas aimsirí na mbriathar i bhfad níos saibhre sa tSoirbis ná sna teangacha Slavacha Iartharacha eile, nár choinnigh ach aon aimsir chaite amháin. Níl an córas sin leath chomh láidir sa tSoirbis Íochtarach agus atá sé sa tSoirbis Uachtarach, áfach.
 
Tá dhá theanga ann, agus iad sách difriúil le chéile. Baintear úsáid as dhá leagan caighdeánacha den teanga: an t'''Soirbis Uachtarach''' nó ''Hornjoserbšćina'', timpeall Bautzen in Oberlausitz ("Łužica Uachtarach") i stát na [[An tSacsóintSacsain|SacsóineSacsaine]], agus an t'''Soirbis Íochtarach''' nó ''Dolnoserbšćina'' i Niederlausitz ("Łužica Íochtarach") thart ar Cottbus i stát [[Brandenburg]]. Labhraíonn formhór mór na Sorbach Soirbis Uachtarach, agus í ó dhúchas ag na páistí féin i gcónaí, ach tá an tSoirbis Íochtarach ag saothrú an bháis cheana féin, nó is fánach páiste a mbeadh sí ó dhúchas aige inniu.
 
Is ar an litir G is fusa a aithnítear an tSoirbis Íochtarach, nó cosúil leis an bPolainnis, choimeád sí an tseanfhuaim seo. Sa tSoirbis Uachtarach, cosúil leis an tSeicis, rinneadh H den G. Thairis sin, tá foirm speisialta ag infinideach na mbriathar sa tSoirbis Íochtarach nach n-úsáidtear ach ar lorg an bhriathair ''hyś'' ("dul"): ''źom cyta'''t''' kniglicky'' ("téim ag léamh leabhair"), ach ''com cyta'''ś''' kniglicky'' ("teastaíonn uaim, ba mhaith liom, leabhar a léamh").