An difríocht idir athruithe ar: "Máirtín Ó Direáin"

Content deleted Content added
Bullets
m Nasc
Líne 1:
[[Íomhá:Máirtín Ó Direáin.jpg|thumb|deas|Máirtín Ó Direáin]]
 
File a tógadh in [[oileáin Árann|Árainn]] ab ea é '''Máirtín Ó Direáin'''. Rugadh i bhFearann a' Choirce ar [[Inis Mór]] é i [[1910]], agus tar éis na scoile, fostaíodh mar chléireach in ard-oifig an phoist i n[[Gaillimh]] é ar feadh blianta. Bhí sé i g[[Conradh na Gaeilge]], agus chaith sé seal mar rúnaí air. Bhog sé leis go [[Baile Átha Cliath]] níos deireanaí, mar a raibh baint aige le Cumann na Scríbhneoirí óna thús.
 
D´fhoilsigh sé a chéad chnuasach [[filíocht|filíochta]], "Coinnle Geala", i [[1942]], agus lean sé air ag saothrú mar fhile cruthaitheach go dtí na hochtóidí. Scríobh sé cnuasach gearrscéalta freisin, "Feamainn Bhealtaine", a chuir a shaothar in aithne dos na mílte dalta scoile. Is minic a thráchtann sé ar bhéasa is ar áilleacht óileán Árann is ar an meath a tháinig ar an saol sin i mblianta deireannacha an fichiú h-aois. Fuair sé bás sa bhliain 1988 i mBaile Átha Cliath.