An difríocht idir athruithe ar: "Gerry Fitt"

Content deleted Content added
Cúpla ceartúchán, ach "Béim ar ais" (mar a deireann an Termintor :)
No edit summary
Líne 3:
 
== A shaol ==
Rugadh Fitt i m[[Béal Feirste]] agus fuair sé a chuid oideachais ó na mBráithre Críostaí. Chaith sé na blianta idir [[1941]] agus [[1953]] i sheirbhís an chabhlaigh. Bhíodh cónaí air ar m[[Bóthar na bhFál]], agus sheas sé mar ionadaí don mbóthar ar son páirtí lucht oibre na copóige sa bhliain [[1956]]. Fuair Paddy Devlin, ó Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann an ceann is fearr air, áfach. Sa bhliain [[1958]], toghadh é do Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste mar bhall de Pairtí Lucht Oibre na hÉireann. Sa bhliain [[1962]], bhuaigh sé suíochán i Stormont. Dhá bhliain níos déanaí, d'fhág sé an páirtí agus bhunaigh sé Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre Poblachtánaigh(SDLP) le [[Harry Diamond]], MP eile i Stormont. San olltoghchán sa bhliain, [[1966]] bhuaigh Fitt an suíocháin in iarthar Béal Feirste i bparlaimint Westminster.
 
D'úsáid sé a shuíochán i Westminster chun fadhbanna i dTuaisceart na hÉireann a chuir os chomhair na Breataine. Ba MP comhbhraiteach é a bhí i láthair ag an agóid cearta daonna i n[[Doire]] ar an [[5 Deireadh Fómhair]], [[1968]] nuair a chloígh Constáblacht Ríoga Tuaisceart na hÉireann Fitt i measc daoine eile.