An difríocht idir athruithe ar: "Peadar Brahe"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Státaire agus fear míleata ón tSualainn a bhí i b'''Peadar Óg Brahe''' (rugadh é i gCaisleán Rydboholm i Rydbo, inniu: Österåker, ar an 18 Feabhra 1602, agus shíothlaigh s...
 
No edit summary
Líne 1:
Státaire agus fear míleata ón tSualainn a bhí i b'''Peadar Óg Brahe''' (rugadh é i gCaisleán Rydboholm i Rydbo, inniu: [[Österåker]], ar an 18 Feabhra 1602, agus shíothlaigh sé ar an 12 Meán Fómhair 1680 i gCaisleán Bogesund i [[Vaxholm]]), Sualainnis: ''Per Brahe'', Fionlainnis: ''Pietari Brahe'', agus é ina Ghobharnóir Ginearálta ar an bhFionlainn sa tseachtú haois déag. Tá clú agus cáil ar Brahe san Fhionlainn inniu féin toisc go ndearna sé an-fhorbairt ar shaol agus ar shochaí na tíre lena lá. Is é an duine is óige den dá Pheadar Brahe a aithnítear i stair na Sualainne, nó bhí an t-ainm céanna ar a athair mór, sean-Pheadar Brahe, ina chomhairleoir pearsanta ag an Rí Gustaf Wasa. Maidir le Peadar Óg, bhí seisean mór leis an rí Gustaf II Adolph.
 
Bhí Brahe ina Ghobharnóir ar an bhFionlainn sna blianta 1637-1640 agus arís sna blianta 1648-1654. Chuir sé cuma nua ar an gcóras riaracháin agus bhunaigh sé an chéad seirbhís phoist. Thairis sin, chuir sé tús le sraith de chathracha nua, ar nós [[Raahe]], [[Pietarsaari]], [[Kajaani]], [[Hämeenlinna]], [[Lappeenranta]] agus [[Savonlinna]]. Tá an chathair úd Raahe ainmnithe as Peadar Brahe, nó is é ''Brahestad'' - "Cathair Brahe" - ainm na háite as Sualainnis. Ní raibh na Fionlannaigh ábalta an consan coimhthíoch sin B a fhuaimniú i gceart, agus rinneadh ''Raahe'' de Brahe ina mbéal-san.