An difríocht idir athruithe ar: "Túrcú"

Content deleted Content added
m roboto: fi:Turku estas artikolo elstara
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Turku dot.png|mion|Túrcú sa Fhionlainn]]Is í '''Túrcú''' (''Turku'' i bh[[Fionlannais]] agus ''Åbo'' i [[Sualainnis]], an dara theanga sa tír) in iardheisceart na [[an Fhionlainn|Fionlainne]] an cúigiú chathair is mó agus an chathair is sine agus is stairiúla sa tír sin. Bhí sí ina príomhchathair ar an bhFionlainn go dtí an bhliain 1812, nuair a bronnadh an chéimíocht sin ar [[Heilsincí]]. Chuaigh an Fhionlainn ó lámh na Sualannach go lámh na Rúise i ndiaidh [[Cogadh na Fionlainne|Chogadh na Fionlainne]] sna blianta 1808-9, agus glactar leis go coitianta go raibh sé de rún ag [[Impireacht na Rúise|Impire na Rúise]] an Fhionlainn a scaradh ón tSualainn tríd an bpríomhchathair a athrú go háit ba chóngaraí don mháthairthír. Na hoifigí Rialtais a fágadh i dTúrcú, haistríodh iad féin go Heilsincí i ndiaidh an dóiteáin mhóir a rinne an-damáiste ar an gcathair sa bhliain [[1827]].
 
==Stair==
 
D'fhás an t-áitreabh san 13ú haois timpeall ar Chnoc Unikankare, agus sa bhliain 1300, tógadh Ard-Eaglais ar an gcnoc. B'ansin a bhí lárionad an chreidimh agus na trádála san Fhionlainn le linn na Meánaoise. Bhí caisleán suite i gcóngar don Ard-Eaglais leis an áit a chosaint ar na foghlaithe iasachta, ach mar sin féin, chreach na Rúisigh ó Novgorod an chathair sa bhliain 1318, agus d'ionsaigh na Danmhargaigh í faoi dhó sa chéad leath den tséú haois déag.
 
I ndiaidh na Meánaoise féin, bhí Túrcú ina príomhchathair ar an bhFionlainn. Bhí Eoin III, Rí na Sualainne, ina Ard-Diúc ar an bhFionlainn sular bhain sé amach ríchathaoir na Sualainne, agus sna blianta 1556-1563, bhí sé ag reachtáil cúirte i gCaisleán Thúrcú i stíl mhaithe agus mhóruaisle na hEorpa. Bunaíodh a lán institiúidí agus forais thábhachtacha i dTúrcú sa tseachtú haois déag, nuair a bhí an saol síochánta, cosúil leis an Acadamh Ríoga sa bhliain 1640, an chúirt dlí sa bhliain 1620, nó oifigí an rialtais chúigiúil sa bhliain 1617.
 
Sa chéad leath den ochtú haois déag, chuir an tSualainn agus an Rúis dhá chogadh ar a chéile - Cogadh Mór an Tuaiscirt (1700-1720) agus Cogadh na Hataí (1742-1743). (Is éard atá i gceist leis na ''Hataí'' ná an páirtí frith-Rúiseach i bpolaitíocht na Sualainne san am - is é an leasainm a bhí ar an bpáirtí eile ná na ''Caipíní''.) I rith an dá chogadh, shealbhaigh na Rúisigh an Fhionlainn ar feadh tréimhse, agus a fhad is a mhair an fhorghabháil, bhí rialtas míleata na Rúiseach suite i dTúrcú. Is é an t-ainm a thug na Fionlannaigh ar an dá thréimhse forghabhála ná "fearg" - "An Fhearg Mhór" sna blianta 1713-1721, agus "An Fhearg Bheag" sna blianta 1742-1743.
 
Sa dara leath den ochtú haois déag, bhí an saol ní ba síochánta arís, agus thosaigh fás ag teacht ar an tionsclaíocht sa chathair, cosúil leis an longcheártaíocht agus le tionsclaíocht an tobac. Tháinig an cultúr sna sálaí ag an eacnamaíocht, nó sa bhliain 1771, bunaíodh an chéad iris nó nuachtán sa chathair, ''Tidningar utgifne af et Sällskap i Åbo'' ("Scéalta á bhfoilsiú ag cumann áirithe i dTúrcú"), nó ''Åbo Tidningar'' ("Scéalta Åbo"). Bhí an iris á foilsiú go dtí an bhliain 1778 agus arís sna blianta 1782-85. B'é [[Henrik Gabriel Porthan]], a rinne an-taighde ar an mbéaloideas Fionlannach, a bhí ina phríomheagarthóir ar an iris. Go bunúsach, b'é Cumann Aurora, cumann liteartha agus tírghráúil, a bhí ag foilsiú na hirise, ach go praiticiúil, tháinig deireadh le hobair an chumainn i rith na mblianta, agus thit sé ar chrann Porthan an iris a choinneáil ag imeacht.
 
I ndiaidh chogadh na mblianta 1808-1809, thit an Fhionlainn ón tSualainn le hImpireacht na Rúise. Bhí an tImpire buartha faoi chomh cóngarach agus a bhí Túrcú do Stócólm, agus sa bhliain 1812, hathraíodh feidhmeanna na príomhchathrach soir go Heilsincí. Ar an 4 Meán Fomhair 1827, chuaigh Túrcú trí thine, nuair a bhí na tithe adhmaid triomaithe i ndiaidh an tsamhraidh the, agus na splancanna ag dul ó theach go teach go sciobtha. Fuair seachtar is fiche de dhaoine bás sa dóiteán, agus fágadh 11,000 duine gan teach gan dídean. Bhí an chathair léirscriosta chomh dona is gur chinn na húdaráis an chuid eile d'fheidhmeanna na príomhchathrach, go háirithe an tAcadamh, a aistriú go Heilsincí chomh maith. Fágadh Ard-Easpag Liútaránach na Fionlainne ag obair i dTúrcú, áfach, agus inniu féin, tá Túrcú ina príomhchathair reiligiúnda ar an bhFionlainn.
 
==Geograife==
 
Tá Túrcú ar an mbeagán cathracha san Fhionlainn a tháinig ar an bhfód go nádúrtha, gan aon ordú oifigiúil faoi bhunú na cathrach. Is é is cúis leis sin ná an gheograife, nó tá inbhear breá isteach go lár na cathrach, rud a fhágann gur dual di bheith ina háit mhór trádála.
 
Níl ach caolas farraige idir Túrcú agus [[Stócólm]], agus na longa paisinéirí ag dul eatarthu go tiubh.
 
==Oideachas==
 
Bunaíodh an chéad scoil i dTúrcú, mar atá, Scoil na hArdeaglaise (''Katedralskolan i Åbo''), i ndeireadh na tríú haoise déag. Bunaíodh an chéad Ollscoil ("Acadamh Åbo") sa bhliain 1640, ach sa naoú haois déag, haistríodh go Heilsincí í chomh maith leis na hoifigí Rialtais. Tháinig dhá ollscoil nua ar an bhfód san fhichiú haois, mar atá, [[Åbo Akademi]], an ollscoil Sualainnise, agus [[Turun Yliopisto]], an ollscoil Fionlainnise.