An difríocht idir athruithe ar: "Túrcú"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 22:
 
Bunaíodh an chéad scoil i dTúrcú, mar atá, Scoil na hArdeaglaise (''Katedralskolan i Åbo''), i ndeireadh na tríú haoise déag. Bunaíodh an chéad Ollscoil ("Acadamh Åbo") sa bhliain 1640, ach sa naoú haois déag, haistríodh go Heilsincí í chomh maith leis na hoifigí Rialtais. Tháinig dhá ollscoil nua ar an bhfód san fhichiú haois, mar atá, [[Åbo Akademi]], an ollscoil Sualainnise, agus [[Turun Yliopisto]], an ollscoil Fionlainnise.
 
==Le Feiceáil==
 
I ndiaidh an dóiteáin féin, maireann go leor iarsmaí den Mheánaois i dTúrcú, rud is annamh san Fhionlainn, ó tá cuma an-nua-aimseartha - ró-nua-aimseartha b'fhéidir - ar go leor den tír. Is í an Ard-Eaglais suaitheantas Thúrcú, ach thairis sin, tá an Caisleán ann, cé go ndearna na buamaí Sóivéadacha an-dochar dó i mblianta an Dara Cogadh Domhanda. Ritheann Abhainn Aura (Fionlainnis: ''Aurajoki'', Sualainnis: ''Aura å'') tríd an gcathair, agus cuid de shaol samhraidh na cathrach é an dóigh a mbíonn lucht na spaisteoireachta ag trasnú na habhainne ar an mbád traidisiúnta farantóireachta, ''Föri'', cé go bhfuil go leor droichid ann chomh maith.
 
Tá roinnt iarsmalann ag oibriú sa chathair, ach is í Aboa Vetus & Ars Nova an ceann is nua acu. Ar dtús, ní raibh ach dánlann na healaíne nua-aimseartha - Ars Nova - le bunú ansin, ach nuair a bhí dúshraith á cur faoin músaem, tháinig na tógálaithe ar an oiread iarsmaí ón Meánaois gur hathraíodh an bunsmaoineamh, agus cuireadh Aboa Vetus - músaem Shean-Túrcú - ar bun san áit chéanna le hArs Nova. hOsclaíodh an dá mhúsaem sa bhliain 1995.
 
[[Catagóir:Cathracha san Fhionlainn]]