An difríocht idir athruithe ar: "Peadar Brahe"

Content deleted Content added
No edit summary
Rang +IV +Nasc +Íomhá
Líne 1:
[[Íomhá:Per Brahe.jpg|thumb|Per Brahe]]
Státaire agus fear míleata ón [[An tSualainn|tSualainn]] a bhí i b'''Peadar Óg Brahe''' (rugadh é i gCaisleán Rydboholm i Rydbo, inniu: [[Österåker]], ar an [[18 Feabhra]] [[1602]], agus shíothlaigh sé ar an [[12 Meán Fómhair]] [[1680]] i gCaisleán Bogesund i [[Vaxholm]]),<ref>''The Encyclopaedia Britannica: A Dictionary of Arts, Sciences, Literature and General Information'' - 11ú eagráin</ref> [[Sualainnis]]: ''Per Brahe'', [[Fionlainnis]]: ''Pietari Brahe'', agus é ina Ghobharnóir Ginearálta ar an [[An Fhionlainn|bhFionlainn]] sa [[17ú haois|tseachtú haois déag]]. Tá clú agus cáil ar Brahe san Fhionlainn inniu féin toisc go ndearna sé an-fhorbairt ar shaol agus ar shochaí na tíre lena lá. Is é an duine is óige den dá Pheadar Brahe a aithnítear i stair na Sualainne, nó bhí an t-ainm céanna ar a athair mór, sean-Pheadar Brahe, ina chomhairleoir pearsanta ag an Rí Gustaf Wasa. Maidir le Peadar Óg, bhí seisean mór leis an rí [[Gustaf II Adolph]].
 
==Saol==
Bhí Brahe ina Ghobharnóir ar an bhFionlainn sna blianta 1637-1640 agus arís sna blianta 1648-1654. Chuir sé cuma nua ar an gcóras riaracháin agus bhunaigh sé an chéad seirbhís phoist. Thairis sin, chuir sé tús le sraith de chathracha nua, ar nós [[Raahe]], [[Pietarsaari]], [[Kajaani]], [[Hämeenlinna]], [[Lappeenranta]] agus [[Savonlinna]]. Tá an chathair úd Raahe ainmnithe as Peadar Brahe, nó is é ''Brahestad'' - "Cathair Brahe" - ainm na háite as Sualainnis. Ní raibh na Fionlannaigh ábalta an consan coimhthíoch sin B a fhuaimniú i gceart, agus rinneadh ''Raahe'' de Brahe ina mbéal-san.
 
[[Íomhá:Per Brahes statue in Turku, 29.6.2008 .jpg|thumb|Dealbh cuimhneacháin - [[Túrkú]].]]
Ar ordú an Ghobharnóra Brahe, hathraíodh cathair [[Heilsincí]] go háit nua a bhí ní b'fheiliúnaí do chuan trádála. Inniu, tugtar ''Vanhankaupunginlahti'' - "Bá na Seanchathrach" - ar an áit a raibh lár na cathrach roimh chinneadh Brahe.
 
Chuir Brahe feabhas ar an gcóras oideachais chomh maith. Sa bhliain 1640, faoin am céanna a d'athbhunaigh sé Heilsincí, bhunaigh sé scoil ardoideachais i d[[Túrcú]] - Acadamh Ríoga Thúrcú - agus chuaigh sé féin i gceannas ar an acadamh ina Sheansailéir. Síol d'Ollscoil Heilsincí a bhí ann, nó nuair a chuaigh cathair Thúrcú trí thine sa bhliain 1827, haistríodh an tAcadamh go Heilsincí.
Line 10 ⟶ 13:
 
Inniu, tá dealbh chuimhneacháin don Chúnta le feiceáil i dTúrcú, agus na focail seo greanta ar dhúshraith na deilbhe: ''Iagh war med landett och landett med mig wääl tillfreds'' - de réir litriú nua-aimseartha na Sualainnise: ''Jag var med landet och landet med mig väl tillfreds'', a chiallaíonn "Mise agus an tír seo, bhí muid breá sásta le chéile."
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1602|Brahe Óg, Peadar]]
[[Catagóir:Básanna i 1680|Brahe Óg, Peadar]]
[[Catagóir:Daoine Sualannacha|Brahe Óg, Peadar]]
 
[[de:Per Brahe der Jüngere]]
[[en:Per Brahe the Younger]]
[[et:Per Brahe]]
[[eo:Per Brahe (la juna)]]
[[fr:Per Brahe (le jeune)]]
[[it:Per Brahe il Giovane]]
[[fi:Pietari Brahe]]
[[sv:Per Brahe d.y.]]