An difríocht idir athruithe ar: "Mainistir Bhuithe"

no edit summary
(Leathanach nua: thumb|Ardchros Mhuirígh Is fothrach mainistreach é '''Mainistir Buithe''' ( English: Monasterboice) i ndeisceart Chontae Lú, díre...)
 
No edit summary
[[IomháImage:Ardchros Mhuirígh.jpg|thumb|Ardchros Mhuirígh]]
Is fothrach mainistreach é '''Mainistir Buithe''' ( English: Monasterboice) i ndeisceart [[Contae Lú|Chontae Lú]], díreach ó thuaidh ó [[Droichead Átha|Dhroichead Átha]]. Bunaíodh lonnaíocht Chríostaí ann ag deireadh an chúigiú chéad. Ceaptar gurb é [[Baoithe Mac Brónach]], a fuair bás timpeall na bliana 521, cléir de shliocht ríthe na Mumhan, a bhunaigh é. Bhí clú agus cáil air mar naomh a rinne míorúiltí ar na heasláin agus fiú ar na mairbh. Bhí an Mhainistir ina lárionad léinn sa cheantar go dtí gur bhunaigh na [[Cistéirsigh]] [[An Mhainistir Mhór]] ) (''Béarla: Mellifont Abbey'') sa bhliain 1142.
Tá dhá séipéal i measc na bhfothrach, tógtha san cheathrú haois déag nó níos déanaí agus cloigtheach níos luaithe, ach tá clú ar an áit mar gheall ar a cuid ardchros, tógtha san deichiú haois déag. Tá an cloigtheach 35 méadar in airde, agus cuma mhaith air, cé nach féidir dul isteach ann. Creidtear go raibh sé tógtha mar tearmann faoi choinne na manach in aghaidh ionsaí na Lochlannach, cé nach bhfuil gach duine sásta leis an míniúchán seo. Dódh an mhainistir sa bhliain 1079.