An difríocht idir athruithe ar: "Mainistir Bhuithe"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 2:
Is fothrach mainistreach é '''Mainistir Buithe''' ( English: Monasterboice) i ndeisceart [[Contae Lú|Chontae Lú]], díreach ó thuaidh ó [[Droichead Átha|Dhroichead Átha]]. Bunaíodh lonnaíocht Chríostaí ann ag deireadh an chúigiú chéad. Ceaptar gurb é [[Baoithe Mac Brónach]], a fuair bás timpeall na bliana 521, cléir de shliocht ríthe na Mumhan, a bhunaigh é. Bhí clú agus cáil air mar naomh a rinne míorúiltí ar na heasláin agus fiú ar na mairbh. Bhí an Mhainistir ina lárionad léinn sa cheantar go dtí gur bhunaigh na [[Cistéirsigh]] [[An Mhainistir Mhór]] ) (''Béarla: Mellifont Abbey'') sa bhliain 1142.
Tá dhá séipéal i measc na bhfothrach, tógtha san cheathrú haois déag nó níos déanaí agus cloigtheach níos luaithe, ach tá clú ar an áit mar gheall ar a cuid ardchros, tógtha san deichiú haois déag. Tá an cloigtheach 35 méadar in airde, agus cuma mhaith air, cé nach féidir dul isteach ann. Creidtear go raibh sé tógtha mar tearmann faoi choinne na manach in aghaidh ionsaí na Lochlannach, cé nach bhfuil gach duine sásta leis an míniúchán seo. Dódh an mhainistir sa bhliain 1079.
Áirítear Cros Mhuirígh i Mainistir Bhuíthe (c.923 A.D.) mar shárshaothar na n-ardchros uile. Cros le colún ard agus géaga measartha gairid le ciorcal lárnaithe ar an bpointe a ngearrann siad trasna a chéile atá ann (i.e. cros rothlach.). Bhí Muiredach Mac Domhnaill, a fuair bás sa bhliain 923 ina ab ar an mhainistir. Tá os cionn 250 cros in Éirinn. Ní fhaightear ardchrosa san Eoraip ach in Éirinn agus sna tíortha a bhí faoi thionchar na hÉireann ag an am, Alba, Manainn agus Sasana.[[Image:AnGabháil CloigtheachÍosa.jpg|thumb|AnEcce CloigtheachHomo nó Gabháil Íosa, Tá Íosa i lár báire agus beirt shaighdiúir taobh leis.]]
Léiríonn na h-ardchrosa gaol áirithe le dealbhóireacht ón tSeoirsia agus ón Airméin a d’fhéadfaí a thréithriú mar anáil an mhanachais Cheartcheidmhigh. Ach d’ainneoin sin léiríonn íocónagrafaíocht na gcros nasc le sacrcafagais Luath-Chríostaí na Róimhe. Tugtar Crosa Screaptra orthu chomh maith mar gheall ar sin. Is cosúil gur athchruthú oilithreacht don Róimh a bhí iontu.
Tá radhairc dealbhaithe ar Chros Mhuirígh as an Sean-Tiomna agus as an Nua-Tiomna. Tá creimeadh na haimsire ar dhromchla na gcros eile, an Chros Thuaidh agus an Chros Thiar.
[[Image:An Cloigtheach.jpg|thumb|An Cloigtheach]]
[[Image:Gabháil Íosa.jpg|thumb|Ecce Homo nó Gabháil Íosa, Tá Íosa i lár báire agus beirt shaighdiúir taobh leis.]]
 
== Naisc sheachtracha ==