An difríocht idir athruithe ar: "Conchúr Crús Ó Briain"

Content deleted Content added
m Cat.
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir, polaiteoir agus acadúlach [[Éire|Éireannach]] is ea é '''Conchúr Crús Ó Briain''' (seanlitriú Gaeilge: ''Conchubhar Crús Ó Briain'', Béarla: ''Conor Cruise O'Brien''), a dtugtar ''The Cruiser'' nó ''An Crúiseoir'' air i gcaint na ndaoine. Saolaíodh i Ráth Maonais ar an [[3 Samhain|tríú lá de Mhí na Samhna]] [[1917]] é. D'fhoghlaim sé a chuid léinn i [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|gColáiste na Tríonóide]], rud as an ngnáth san am, ós rud é gur Caitliceach a bhí ann féin, agus clú Protastúnach ar an áit. Phós sé cailín Preispitéireach arbh ainm di Christine Foster san am seo.
 
Chuaigh sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus bhain sé an chéad cháil idirnáisiúnta amach, nuair a bhí sé ina ionadaí do na [[Náisiúin Aontaithe]] i gKatanga sa Chongó (an tír a dtugtaí an tSáír uirthi ní ba mhaille, agus arb í Poblacht Dhaonlathach an Chongó í inniu). Sa bhliain 1961, d'fhéach cúige seo na tíre le neamhspleáchas a bhaint amach, agus bhí géarchéim mhór sa tír dá dheasca sin. Bhí a lán tíortha ag cur a ladair féin i gcúrsaí an Chongó, agus sa deireadh, b'éigean don Bhrianach éirí as a phost agus glanadh as an tír. Scríobh sé leabhar faoin taithí seo, ''To Katanga and Back'', a bhfuil cáil an chlasaicigh uirthi i gcónaí.