An difríocht idir athruithe ar: "Blag"

Content deleted Content added
m roboto: te:బ్లాగు estas artikolo elstara
mNo edit summary
Líne 1:
Is éard is '''blag''' ann ná [[dialann]] [[idirlín]], nó [[leathanach gréasáin]] a gcuirtear iontrálacha nua leis i rith an ama, agus na hiontrálacha á gcur ar taispeáint ionas gurb í an iontráil is úire an ceann is airde thuas. Tá an focal féin, ''blog'' as [[Béarla]], bunaithe ar an téarma ''weblog'' nó ''web logbook'', is é sin, logleabhar [[Gréasán Domhanda|gréasáin]].
 
Is féidir a rá gurbh é an [[nuachtghrúpa]] (is éard is nuachtghrúpa ann ná an téarma a thagraíonn do chláracha plé ar an gcóras úd [[Usenet]]) "mod.ber" an chéad bhlag a bhí ann riamh. B'Ba é Brian E. Redman a bhunaigh an nuachtghrúpa seo sa bhliain 1983. Bhí úsáid an fhóraim diospóireachta á baint as cosúil leis na nuachtghrúpaí eile, ach ba nós le Redman achoimrí tráthrialta a thabhairt ar na diospóireachtaí deireanacha agus ar rudaí spéisiúla eile a bhí ar siúl ar an Usenet. Níor mhair "mod.ber" ach ocht mí.
 
Thosaigh na dialanna [[Idirlíon|Idirlín]] ag dul i bhfairsinge timpeall na bliana 1994, ach níor cumadh an téarma sin "blog" ach sa bhliain 1999. B'Ba é Jorn Barger a cheap an téarma "weblog", agus is éard a bhí i gceist aige ná fíor-logleabhar gréasáin, is é sin, dialann scimeála Idirlín ina dtugadh sé cur síos ar rudaí spéisiúla éagsúla ar tháinig sé trasna orthu ar a chamchuairt ar an nGréasán. B'Ba é Peter Merholz, áfach, a rinne an athanailis ar an bhfocal "weblog" mar "we blog", agus go gasta ina dhiaidh sin, thosaigh na daoine ag tagairt don "bhlagáil", is é sin, ag baint úsáide as an mbriathar úd ''to blog'' sa chiall "do logleabhar gréasáin a leasú, ábhar nua a chur leis".
 
Faoin am sin a chuaigh na blaganna i bhfairsinge, agus bunaíodh [[Láithreán Gréasáin|láithreáin Ghréasáin]] a bhí deartha le haghaidh bhlagadóirí, agus iad ag tairiscint uirlisí agus bogearraí le haghaidh blagála. B'Ba é an t''Open Diary'', a hosclaíodh i Mí Dheireadh Fómhair 1998. An bhliain a bhí chugainn, bhunaigh Brad Fitzpatrick, ceannródaí blagála, an pobal Gréasáin úd LiveJournal. B'Ba iad Evan Williams agus Meg Hourihan a chuir tús le Blogger.com sa bhliain chéanna.
 
{{síol}}