An difríocht idir athruithe ar: "Charles Stewart Parnell"

no edit summary
m (Nasc)
 
Bhí cónaí air i n[[Gleanntáin na hAbhainn]], [[Ráth Droma]], [[Contae Chill Mhantáin]], agus tá a eastát oscailte don phobal inniú.
 
==Conradh na Talún==
Bhunaigh [[Mícheál Dáibhéad (polaiteoir)|Mícheál Dáibhéad]] Conradh na Talún sa bliain 1879. Ba é Parnell an chéad uachtarán ar an gConradh. Theastaigh ó Chonradh na Talún deireadh a chur le cíosanna arda agus díshealbhú, agus deis a thabhairt do thionúntaí an talamh cheannach dóibh féin. Bhí modhanna síochánta ag an gConradh. Cuireadh cruinnithe ar siúl áit ar bith a raibh trioblóid ann, agus cuireadh baghcait i bhfeidhm.
 
Chuir cumhacht an Chonartha eagla ar an rialtas Briotanach agus gabhadh Parnell. Bhí sé i bpriosún ar feadh tamaill. Scaoileadh saor é nuair a dhiúltaigh tionóntaí cíos ar bith a íoc. Sa bhliain 1881 tháinig acht i bhfeidhm a bhunaigh cúirteanna talún chun cíos cothrom a shocrú. As sin amach ní bheadh tiarna talún in ann tionónta a dhíshealbhú má bhí an cíos íoctha aige.
 
==Rialtas Dúchais==
Theastaigh ó Pharnell deireadh a chur le h[[Acht an Aontais]] agus Rialtas Dúchais a bhaint amach. Chuaigh sé go Meiriceá chun airgead a bhailiú agus cabhair a lorg. Bhí an-tóir air i measc na ndaoine. Ritheadh bille um Rialtas Dúchais na hÉireann sa bhliain 1886, ach ní bhfuair sé faomhadh Theach na dTeachtaí.
 
==Scannal O'Shea==
Sa bhliain 1890 d'fhógair Parnell go raibh sé chun [[Katharine O'Shea]] a phósadh, bean a bhí tar éis colscaradh a fháil. Bhí adhaltranas ar siúl ag Parnell agus Kitty O'Shea roimhe sin. Chuir an scannal isteach ar a lán daoine. Labhair go leor díobh amach i gcoinne Pharnell, agus chaill sé cuid mhaith dá thacaíocht. Phós Parnell O'Shea ar [[25 Meitheamh]], [[1891]].
 
==Bás agus sochraid==
Bhuail taom croí Parnell i nDeireadh Fómhair, agus fuair sé bás i m[[Brighton]]. Ní raibh sé ach 45 bliain d'aois. Bhí níos mó ná 200,000 duine ar a shochraid i m[[Baile Átha Cliath]] ar [[11 Deireadh Fómhair]], [[1891]]. Cuireadh san uaigh i [[Reilig Ghlas Naíon]] é.
 
{{stumpa}}
5,545

edits