An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"

Content deleted Content added
m robot Adding: et:Väinö Linna
Líne 35:
Nuair a fuair Linna biseach i ndiaidh na géarchéime, bhí seisean agus an foilsitheoir sásta an t-úrscéal Meisiasach a fhágáil sa tarraiceán. Anois, áfach, chrom Linna ar a sheanphlean a thabhairt i gcrích faoi dheoidh - úrscéal eipiciúil a scríobh faoi shaighdiúirí Fionlannacha an Dara Cogadh Domhanda, mar ab aithin dó féin iad. Mar is léir ón teideal simplí a bhaist sé ar an úrscéal - ''Sotaromaani'' (nach gciallaíonn ach "Úrscéal Cogaidh") - bhí sé meáite ar chur síos a thabhairt ar imeachtaí an chogaidh nach scinnfeadh ón bhfírinne mar a thuig sé féin í. B'é ba impleacht dó seo go raibh an lámhscríbhinn ramhar le mionna móra, jioranna, crístíní agus mígheanmnaíocht den chineál a chluinfeá ó shaighdiúir ar bith i gcogadh ar bith. Thairis sin, ba mhinic a fuair Linna locht tromchúiseach ar an dóigh a mbítí ag stiúradh an chogaidh agus an airm.
 
Mar sin, siúd is go raibh an foilsitheoir as pabhar doirte don scéal agus do na pearsana a raibh beocht, bríomhaireacht agus inchreidteacht chraicneach ag roinnt leo go flúirseach, fuair sé riachtanach cuid de na mionnaí móra agus den chriticeoireacht chogaidh a bhaint den lámhscríbhinn sula bhfoilseofaí í. Ní mó ná sásta a bhí Linna leis an sórt seo cinsireachta, ach ní raibh an dara suí sa bhuaile aige. Mar sin féin, nuair a tháinig an t-úrscéal i gcló faoin teideal nua a cheap an foilsitheoir dó - ''[[Tuntematon sotilas]]'' ("An Saighdiúir Anaithnid"), chuaigh an tír ar fad le mire faoi. Bhain an leabhar amach margadh Nollag na bliana [[1954]], rud a chiallaigh gurb iomaí iarshaighdiúir a fuair mar bhronntanas Nollag í. Go tobann, bhí Linna i mbéal an tsaoil mhóir is a mháthara, agus an tír scoilte ar fad ag an leabhar. An duine nár thug taithneamh agus teasghrá don úrscéal seo, bhí fuath na ndaol aige air.
 
Cuid mhór acu siúd a d'ionsaigh agus a lochtaigh an t-úrscéal, bhí siad barúlach go raibh saighdiúir curata na Fionlainne náirithe ag Linna, nó "is follasach nach mbeadh a leithéid de dhroch-chaint ar siúl ag aon saighdiúir Fionlannach". Cuireadh Cumannachas agus [[Boilséiveachas]] i leith Linna, mar sin. Na scríbhneoirí nua-aimseartha a tháinig ar an bhfód i dtús na gcaogaidí, bhí siad míshásta le saothar Linna toisc é a bheith chomh coinbhinsiúnta, chomh traidisiúnta, chomh réadúil. Theastaigh scéalta de chineál eile uathu, scéalta a bheadh chomh míréasúnta leis an gcogadh féin - an cineál scéalta a scríobh [[Günter Grass]] sa Ghearmáin, is dócha.