An difríocht idir athruithe ar: "Günter Grass"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
Guliolopez (plé | dréachtaí) Naisc |
||
Líne 5:
==Saol==
Tháinig Grass chun saoil i Danzig, áit a raibh siopa grósaera ag a mhuintir. Protastúnach Gearmánach ab ea é a athair, Willy Grass (1899-1979), ach ba Chaitliceach í a mháthair, Helene Knoff (1898-1954), agus gaolta Caisiúbacha agus Polannacha aici. Treibh áitiúil Shlavach is ea iad na Caisiúbaigh a bhfuil teanga dá gcuid acu, cé nach saothraítear mórán sa [[litríocht]] í. Tógadh Günter óg leis an gcreideamh [[Caitliceach]], cibé scéal é. Bhí cónaí ag a mhuintir i Langfuhr (inniu, Wrzeszcz, arb é an ceantar is mó daonra i Gdan'sk inniu, agus stáisiún traenach ar leith ansin), cois na sráide úd ''Labesweg'' (inniu, ''[[sráid|Ulica]] [[Joachim Lelewel|Joachima Lelewela]]''). Rugadh
D'fhreastail Günter óg ar an meánscoil úd ''Conradinum''. Bhí sé míshásta leis an atmaisféar i dteach a thuismitheoirí, ó nach raibh saol na meánaicme Caitlicí ag taitneamh le mífhoighne an ógánaigh. Mar sin, chuir sé in iúl do na húdaráis mhíleata gur theastaigh uaidh dul ar fiannas i bhfomhuireán. Ní bhfuair sé a mhian, nó ar dtús, preasáladh san ''Arbeitsdienst'' é, is é sin, ina "shaighdiúir oibre" a chaithfeadh gnáthobair thógála a dhéanamh faoi shainéide agus faoi smacht míleata. I Mí na Samhna, 1944, chuaigh sé sna saighdiúirí sa deireadh, ach níorbh é an fomhuireán a bhí i gceist, ach deichiú rannán tancanna an [[SS]], "Rannán Frundsberg". Goineadh i machaire an áir é ar an 20ú lá de Mhí Aibreáin, 1945, agus cimíodh i gcampa príosúnachta de chuid na [[SAM|Meiriceánach]] é. Sna blianta a bhí le teacht, níor thrácht sé le haon duine ar an SS. Ina áit sin, b'é an scéal a bhíodh aige ná go raibh sé ina ''Flakhelfer'', is é sin, go raibh sé ina bhuachaill cúnta san airtléire frith-aerárthaí. Níor scaoil sé leis an bhfírinne ach sa bhliain 2006, nuair a tháinig a leabhar dírbheathaisnéise, ''Beim Häuten der Zwiebel'' ("Ag Baint an Chraicinn den Oinniún"), i gcló.
Sna blianta [[1946]]-[[1947]], bhí Grass ag foghlaim cheird an tsaor cloiche i
Phós sé Anna Schwarz, bean óg ón [[An Eilvéis|Eilvéis]] a bhí ag staidéar le bheith ina cailín bailé. Nuair a bhí sé ina chónaí le hAnna i bPáras, scríobh sé an t-[[úrscéal]] úd ''Die Blechtrommel'', agus saolaíodh an bheirt mhac, Raoul agus Franz, dóibh. Cupla a bhí iontu. Ar ais i mBeirlín dóibh, rugadh an chéad iníon, Laura. Tháinig an tríú mac, Bruno, chun saoil sa bhliain 1965. Ina dhiaidh sin, bhí scéal fada grá ag Grass le bean darbh ainm Veronika Schröter, agus rugadh iníon, Helene, dóibh sa bhliain 1974. Fuair Grass agus Anna colscaradh sa bhliain 1978, agus sa chéad bhliain eile, phós sé Ute Grunert, ceoltóir orgáin.
Chrom Grass ar an obair scríbhneoireachta an chéad uair sa bhliain 1956. Sa bhliain sin a d'fhoilsigh sé an chéad dán. An chéad chúpla saothar a bhreac sé síos, ba drámaí éigiallta agus dánta iad. Níor bhain sé amach cáil idirnáisiúnta roimh an mbliain 1959, nuair a cuireadh an t-úrscéal mór ''Die Blechtrommel'' i gcló.
Bhí Grass ag tacú leis an
{{glanadh}}
Líne 31:
Cáineadh é ó am go chéile, mar nár rinne sé aon mórshaothar ó thús na seascaidí ar aghaidh ach le ''[[Siúl an Phortán]]'' (''Krebsgang'') a fhoilsíodh i [[2002]] léirigh sé go raibh sé chomh cruthaíoch le riamh.
D'fhoilsí sé leabhar úr sa bhliain 2006
[[Catagóir:Scríbhneoirí Gearmánacha|Grass, Günter]]
|