An difríocht idir athruithe ar: "Oilibhéar Cromail"
Content deleted Content added
Idioma-bot (plé | dréachtaí) m robot Adding: lv:Olivers Kromvels |
mNo edit summary |
||
Líne 2:
Polaiteoir agus saighdiúir [[Sasana|Sasanach]] ab ea '''Oilibhéar Cromail''', nó ''Cromail'' mar a thugtar air de ghnáth (as [[Béarla]], ''Oliver Cromwell''; [[25 Aibreán]] [[1599]] - [[3 Meán Fómhair]] [[1658]]). Rugadh é i Huntingdon i 1599 agus ba le linn dó a bheith ina mhac léinn i Sidney Sussex College a d'iompaigh sé ina Phiúratánach. Toghadh mar bhall Parlaiminte é i mí Aibreáin 1640, agus bhí sí seo ar na Parlaimintí siúd a rinne a ndícheall cumhacht an Rí a shrianadh. Baineadh a chumhacht den rí [[Séarlas I Shasana|Séarlas I]] agus ghlac an Pharlaimint seilbh ar chúrsaí airgid na ríochta. Bhris cogadh cathartha amach agus ba lena linn a thuill Cromail cáil mar cheannaire míleata. D'éirigh go hiontach leis i gCath Marston Moor lena mharcshlua, ar ar tugadh 'Roundheads' <ref>http://dictionary.reference.com/search?r=2&q=Roundheads</ref> nó 'Ironsides' <ref>http://dictionary.reference.com/browse/ironsides</ref> mar leasainm ar Chromail féin nó ar a shaighdiúirí. Bhí arm an rí cloíte faoi dheireadh ag Cath Naseby i 1645, agus bhí an-tionchar ag Cromail ar na hidirbheartaíochtaí a lean é. Ní raibh muinín ag cuid mhór daoine as áfach agus bhris cogadh amach arís. Ruaig Cromail 110 ball ón bParlaimint agus bhunaigh sé deachtóireacht mhíleata. Rinne sé ionradh ar Albain agus chuir na nuachtáin faoina smacht. Rialaigh sé [[Sasana]], [[Albain]] agus [[Éire]] mar [[an Tiarna Cosantóra|Thiarna Cosantóra]] ó [[16 Mí na Nollag]] go lá a bháis. Creidtear gur cailleadh le [[maláire]] nó [[nimhiú]] é.
Bhí tionchar mór ag [[Cogadh Cathartha Shasana]] ar Éirinn i rith na [[
==Cromail in Éirinn==
Ar [[20 Meitheamh]] 1649, cheap an Pharlaimint Oilibhéar Cromail mar cheannasaí an airm a cuireadh an éirí amach in Éirinn faoi chois.
Tháinig Cromail i dtír in Éirinn ar Lúnasa 15 ag [[An Rinn (Contae Bhaile Átha Cliath)|an Rinn]], gar do Bhaile Átha Cliath. Bhí 35 long in éineacht leis agus iad lán de shaighdiúirí agus de threalamh. Tháinig a chliamhain, Henry Ireton ina dhiaidh le seachtó long sa bhreis. D'éirigh le fórsaí na Parlaiminte i mBaile Átha Cliath, faoi cheannas an Choirnéil Michael Jones, an chathair a chosaint agus bealach iontrála sábháilte a chur ar fáil do theacht isteach Chromail. Bhí sé mar aidhm ag Cromail na bailte ba thábhachtaí a ghabháil agus thug sé a aghaidh ar [[Droichead Átha|Dhroichead Átha]] i g[[Contae Lú]] ar dtús. Tá cáil na neamhthrócaireachta ar an léigear áirithe seo. Bhí fórsaí an bhaile faoi cheannas an tSasanaigh Chaitlicigh, Arthur Aston. Ní raibh fórsaí an bhaile sásta géilleadh agus nuair a tógadh an baile faoi dheireadh tar éis ionsaí trom ar na ballaí le gunnaí móra, cuireadh tromlach na saighdiúirí agus na sagart chun báis gan taise, ar ordú Chromail. Deirtear gur greadadh Arthur Aston chun báis lena chos adhmaid féin.
|