An difríocht idir athruithe ar: "Aimíonaigéad"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 8:
Ar leith ó na haimínaigéid atá faighte i ngach beathachruth, tá róil ríthábhachtacha ag aimínaigéid neamh-nádúrtha san earnáil tionsclaíochta agus teicneolaíochta, mar shampla, Is alfa-aimínaigéid iad an t-oibreáin chrágtha EDTA agus an t-aigéad nítríl trí-aicéiteach atá tábhachtach i dtionscal na gceimiceán.
 
==Forbhreathnú==
Is iad na haimínaigéid-alfa blocanna tógála an mhóilín próitéine. Tagann aimínaigéid le chéile in imoibriú ceimiceach comhdhlúthúcháin, trí díhiodráitiú sintéise, a scaoileann uisce agus "an t-iarmhar aimínaigéideach" nua, a bhíonn ceangailte le chéile le [[nasc peiptídeach]].
 
Tá 20 aimínaigéad coitianta ann le próitéiní a fhoirmiú, sainithe ag an [[cód géiniteach]]. Is de thoradh líon na n-aimínaigéad agus an seicheamh ina bhfuil siad socraithe a foirmítear próiteiní ar leith. Níl sé neamhchosúil leis an gcaoi a ndéantar focail as an [[aibítir]]. Féadtar líon mór millteach focail a dhéanamh as 26 litir na haibtíre. Bíonn roinnt mhaith aimínaigéad i bpróitéiní simplí fiú amháin, e.g. tá thart ar 50 aimínaigéad in [[inslin]] (próitéin), tá 500 in [[haemaglóibin]] agus tá os cionn 4500 aimínaigéad in [[uireás]] (próitéin in pónairí soighe).