An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Vítneam agus na Síne"

Content deleted Content added
Cúpla cheannlíne
Líne 1:
[[Cogadh]] idir [[Vítneam]] agus [[Daonphoblacht na Síne]] sa bhliain [[1979]] ba ea '''Cogadh Vitneam agus na Síne''' (nó '''Triú Cogadh na hIndisíne'''). Tar éis ionradh gearr a dhéanamh ar thuaisceart Vítneam, tharraing na fórsaí Síneacha siar níos lú ná mí ina dhiaidh sin, agus mhaígh an dá thaobh gurbh iad féin a rug an bua.
 
== Cúlra ==
Bhí an tSín ag tacú le Vítneam sna cogaí in aghaidh na [[An tSeapáin|Seapáine]], na [[An Fhrainc|Fraince]] agus na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]], agus is iomaí coinsíneacht arm a fuair na Vítneamaigh, na fórsaí náisiúnaíocha ar dtús, agus ina dhiaidh sin na fórsaí Cumannacha, ón tSín le linn na gcogaí seo. Bhí [[an tAontas Sóivéadach]] ag cabhrú leis na Vítneamaigh chomh maith, áfach. Tar éis don deachtóir [[Iósaf Stailín]] bás a fháil tháinig naimhdeas idir [[an tSín]] agus na [[An tAontas Sóivéadach|Sóivéadaigh]], ach bhí ceannairí Vítneam sásta taobhú le rialtas nua Sóivéadach [[Nicíte Cruistsiof]]. Shíl ceannairí na Síne go raibh na Rúisigh ag iarraidh an tSín a imshuí, agus chuaigh siad ag déanamh mórtachais leis na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánaigh]].
 
Line 6 ⟶ 7:
 
Ar an 17 Feabhra 1979, rinne 90,000 saighdiúir Síneach le 200 tanc ionsaí ar thuaisceart Vítneam. Bhí a fhios ag na Sínigh go raibh an chuid ab fhearr de shaighdiúirí Vítneam sa Chambóid ag cur catha ar fhórsaí Pol Pot. Ní raibh ach timpeall 100,000 saighdiúir Vítneamach fágtha i dtuaisceart na tíre. Mar sin, d'éirigh leis na Sínigh dul timpeall daichead míle isteach ar thailte Vítneamacha. Mhaígh na Sínigh go raibh siad ag geataí [[Hanoi]], d'fhógair siad go raibh a misiún comhlíonta acu agus chúlaigh siad ar ais go dtí a dtaobh féin den teorainn. Níl sé soiléir cé acu a bhuaigh an cogadh i ndáiríre, ach má bhí sé i gceist ag na Sínigh na Vítneamaigh a bhrú amach as an gCambóid níor éirigh leo.
 
 
== Torthaí an chogaidh ==
 
Mar gheall ar an gcogadh seo, d'éirigh stát agus sochaí Vítneam as pabhar naimhdeach i leith an mhionlaigh Shínigh sa tír. Bhí fíor-ghéarchéim ann nuair a theith na mílte Sínigh as Vítneam i mbáid, agus bádh cuid mhór acu amuigh ar an teiscinn mhór. Iad siúd a tháinig slán as an eachtra seo, chuir siad fúthu sna ceantair Shíneacha i gcathracha móra na Stát Aontaithe agus na hAstráile chomh maith le tíortha na hEorpa. Shínigh Vítneam agus an tSín conradh teorainne sa bhliain [[1999]].