An difríocht idir athruithe ar: "Aimíonaigéad"

Content deleted Content added
Naisc
No edit summary
Líne 1:
[[Image:Phenylalanin - Phenylalanine.svg|thumb|Struchtúr móilíneach [[Feiniolalainín|Fheiniolalainín]].]]
Sa [[ceimic|cheimic]], is [[móilín]] é an t-'''aimínaigéad''' ina bhfuil feidhmghrúpaí aimíní agus [[Carbocsailghrúpa|carbocsailí]] le chéile ann. Sa [[bithcheimic|bhithcheimic]], tagraíonn an téarma seo d'alfa-aimínaigéid leis an [[foirmle|fhoirmle]] ghinearálta H2NCHRCOOH, arb ionann R agus malartaí [[orgánach]]. Sna h[[alfa-aiminaigéad|alfa-aiminaigéid]], tá na grúpaí [[áimíní]] agus [[carbocsaláití]] greamaithe chuig an carbón céanna, glaoite an '[[α–charbón]]'. Bíonn an bunstruchtúr céanna ag na haimínaigéid ar fad. Tá adamh carbóin (C) acu ar fad sa lár, agus ag dul amach uaidh sin mar gha, - aimínghrúpa NH2 (acailceach), grúpa carbocsaile - COOH (aigéad) agus adamh hidrigine atá i gcoiteann ag an haimínaigéid ar fad. Chomh maith leis sin, bíonn adamh/grúpa eile ag na haimínaigéid ar fad. Athraíonn sé seo ag braith ar an aimínaigéad. Tá difríocht idir na halfa-aiminaigéid de réir an cineál taobhshlabhra (R-ghrúp) atá ceangailte chuig a gcarbón-alfa.
 
Tá éagsúlacht mhór iontu ó thaobh toise, níl ach hidrigin amháin ag [[glicín]] , grúpa [[meitil|meitile]] ag [[alainín]] agus grúpa mór heitreafháinneac ag [[tripteafan]].