An difríocht idir athruithe ar: "Maidhc Dainín Ó Sé"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir comhaimseartha Gaeilge agus ceoltóir Gaelach ó Chiarraí is ea é '''Maidhc Dainín Ó Sé'''. Saolaíodh i gCarrachán sa bhliain [[1942]] é. Chaith sé na blianta fada ag obair sna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] agus sa [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]], ach d'fhill sé go hÉirinn sa bhliain [[1969]]. Bhreac sé síos a chuid cuimhní cinn ó na blianta sin sa leabhar úd ''A Thig ná Tit Orm''. Thairis sin, tá roinnt úrscéalta éadroma scríofa aige, go háirithe ''Dochtúir na bPiast'', ''Greenhorn'', ''Lilí Frainc'', ''Tae le Tae'', agus ''Idir Dhá Lios''. D'fhoilsigh sé ''Corcán na dTrí gCos'' freisin, ina bhfuil trí ghearrscéal barrúil foilsithe faoi aon chlúdach. Bíonn a shaoltaithí Mheiriceánach le haithint ar a chuid leabhar go minic, agus iad an-chosúil le scannáin de dhéantús Hollywood, idir dhrámatúlacht, chraiceann, agus fhoréigean. Canúint sách crua a bhíonn á scríobh aige, agus é beag beann ar an ngramadach chaighdeánach, ach baineann bríomhaireacht agus beogacht lena chuid scríbhneoireachta. Ina dhiaidh sin féin, ní lón léitheoireachta do na páistí an chuid is mó acu, agus an oiread foréigin agus craicinn a bhíonn iontu.
 
Tá clú is cáil ar Mhaidhc Dainín mar cheoltóir freisin. Is é an bosca ceoil - an cairdín, mar a deirtear i gConnamara - an ionstraim is rogha leis.
 
==Leabhair le Maidhc Dainín==
Line 14 ⟶ 16:
 
* ''Idir Dhá Lios'': An chéad chuid den tsraith fantaisíochta ina bpléitear eachtraí an dá shíog úd Nuadha agus Breoghan.
 
* ''Is Glas iad na Cnoic''
 
* ''Lilí Frainc'': Úrscéal dorcha brúidiúil faoi dhíoltas atá anseo.
Line 26 ⟶ 30:
 
* ''Tae le Tae''. Seo scéal grá agus é suite i nGaeltacht Chiarraí i lár na fichiú haoise, nuair a bhí sé coitianta go fóill [[Cleamhnas|cleamhnais]] a dhéanamh do na cailíní.
 
==Dlúthdhioscaí le ceoltóireacht Mhaidhc Dainín==
 
* ''Ó Chicago go Carrachán''. CICD 36. Cló Iar-Chonnachta.
 
* ''Ó Thuaidh - Traditional Song and Music from West Kerry''
 
{{stumpa}}