An difríocht idir athruithe ar: "Garry Kasparov"

Content deleted Content added
m robot Modifying: es:Gari Kaspárov
No edit summary
Líne 1:
[[Image:Garri kasparow 20070318.jpg|thumb|Garry Kasparov, 2007]]
Is ardmháistir [[Ficheall|fichille]] [[An Rúis|Rúiseach]] agus Iar-Churadh Domhanda é Garry Kasparov (rugadh [[13 Aibreán]] [[1963]], i mBaku, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na h[[An Asarbaiseáin|Asarbaiseáine]]). Is scríbhneoir agus gníomhaí polaitiúil é freisin.
B'é '''Garry Kasparov''' (rugadh [[13 Aibreán]] [[1963]], i mBaku, [[An Asarbaiseáin]]) an curadh domhanda [[Ficheall|fichille]] is óige riamh. Bhuaigh sé an chraobh dhomhanda i 1985. Chaill sé a chraobh dhomhanda i gcluiche le [[Vladimir Kramnik]] i 2000. D'éirigh sé as i 2005.
 
Ba é Kasparov an Curadh Domhanda Fichille is óige riamh tar éis dhó an ceann is fearr a fháil ar [[Anatoly Karpov]] le scór 13-11 i sraith cluichí sa bhliain [[1985]] i [[Moscó]]. Bhí sé ina churadh oifigiúil go dtí an bhliain [[1993]] nuair a bhunaigh sé eagraíocht nua, an Professional Chess Assocation (PCA), tar éis conspóide le [[FIDE]]. Tugadh aitheantas dó mar Churadh Domhanda "Clasaiceach" go dtí an gur chaill sé sraith cluichí i gcoinne [[Vladimir Kramnik]] sa bhliain [[2000]]. Ba é an chéad Churadh Domhanda Fichille a chaill sraith cluichí in aghaidh [[ríomhaire]] nuair a fuair [[Deep Blue]] an ceann is fearr air le scór 3½–2½ sa bhliain [[1997]].
{{stumpa}}
 
Bhí an grád is airde ar domhan ag Kasparov beagnach an t-am go léir ó [[1986]] go dtí gur éirigh sé as an imirt sa bhliain [[2005]]. Bhí grád 2851 aige ar liosta FIDE mhí Iúil [[1999]], an grád is airde riamh.
 
D'éirigh Kasparov as imirt fichille go gairmiúil sa bhliain [[2005]] chun bheith gníomhach sa pholaitíocht agus sa scríbhneoireacht. Bhunaigh sé an [[Tosach Cathartha Aontaithe]] agus bhí sé mar bhall den ghrúpa [[An Rúis Eile]] a bhí in éadan rialtas [[Vladimir Putin]]. Ba iarrthóir é i dtoghchán uachtaránach na Rúise sa bhliain [[2008]] ach d'aistarraing sé níos déanaí.
 
==Craobh an Domhain==
[[Image:Kasparov-1.jpg|thumb|right|200px|Kasparov tar éis na Craoibhe Domhanda a bhuachaint sa bhliain 1985.]]
 
* 1984 ([[Moscó]]) Karpov 5 Kasparov 3 (+5 = 40 -3) Cháilligh Kasparov chun sraithe cluichí a imirt in éadan an churaidh domhanda [[Anatoly Karpov|Karpov]]. De réir na rialacha bheadh an bua ag an gcéad imreoir le 6 bhua. Thosaigh Karpov go maith agus bhí sé 4-0 chun tosaigh tar éis 9 gchluiche agus 5-0 chun tosaigh tar éis 27 gcluiche. Níor ghéill Kasparov agus bhí an bua aige aige i gcluiche 32 agus sna cluichí 47 agus 48. Chuir [[FIDE]] an sraith cluichí ar ceal tar éis an 48ú cluiche. Ba é an cúis a thug FIDE ná go raibh imní orthu faoi sláinte na n-imreoirí. Ba chonspóid mhór é an cealúchán ag an am agus dúirt an bheirt imreoirí gurb fhearr leo leanacht ar aghaidh.
* [[1985]] (Moscó) - Kasparov 13 Karpov 11 (+5 =16 -3) Bhí na sean-rialacha i bhfeidm sa sraith cluichí seo. Bhí 24 chluiche sa sraith agus bheadh an bua ag an imreoir le scór 12.5. Choimeádfadh an curadh an teideal i gcás comhscóir. Bhain Kasparov an teideal mar churadh domhanda ó Karpov sa sraith seo.
* [[1986]] ([[Londain]] agus [[Cathair_Pheadair|Leningrad (Cathair Pheadair)]]) - Kasparov 12½ Karpov 11½ (+5 = 15 -4)
* [[1987]] ([[Sevilla]]) - Kasparov 12 Karpov 12 (+4 = 16 - 4) Choimeád Kasparov an teideal - bhí ar Karpov an bua a fháil chun an teideal a bhaint dó.
* [[1990]] ([[Nua Eabhrac]] agus [[Lyon]]) - Kasparov 12½ Karpov 11½
* [[1993]] (Londain) - Kasparov 12½ [[Nigel Short]] 7½
* [[1995]] (Nua Eabhrac) - Kasparov 10½ [[Viswanathan Anand]] 7½ (+4 =13 - 1) Sraith de 20 cluiche a bhí i gceist anseo
* [[2000]] (Londain) - Kasparov 6½ [[Vladimir Kramnik]] 8½ (+0 = 13 -2) Sraith de 16 chluiche a bhí i gceist anseo agus chaill Kasparov a theideal.
 
Bhí na sraitheanna cluichí sa bhliain 1993, 1995 agus 2000 eagraithe ag an PCA..
 
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1963|Kasparov, Garry]]