An difríocht idir athruithe ar: "Lorenzo Ó Meachair"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Duine spóirt Éireannach a bhí i '''Lorenzo Iognáid Ó Meachair''' (Béarla: ''Lorenzo Ignatius Meagher'') (18991973), nó '''Lory Meagher''' mar a bhí a...
 
No edit summary
Líne 1:
Duine spóirt [[Éire|Éireannach]] aab bhíea ié '''Lorenzo Iognáid Ó Meachair''' ([[Béarla]]: ''Lorenzo Ignatius Meagher'') ([[1899]]–[[1973]]), nó '''Lory Meagher''' mar a bhí aithne níos fearr air. D'imir Meagher [[iomáint]] leis an gclub cáiliúil [[CLG Tulach Ruain|Tulach Ruain]] i g[[Contae Chill Chainnigh]] sna [[1920idí|fichidí]] agus sna [[1930idí|tríochaidí]], agus chaith sé na blianta idir [[1924]] agus [[1935]] ina bhall de foireannfhoireann sinsir iomána [[Chill Chainnigh]]. Is minic a aicmítear Lory Ó Meachair mar duine de na laochra is mó i stair an chluiche. Cruthúnas amháin don mholadh seo ná gur roghnaíodh é i bhFoireann Iomána na Mílaoise sa bhliain [[1999]].
 
==Tús a shaoil==
Sa bhaile beag [[Tulach Ruain]] i gContae Chill Channigh a saolaíodh Lory Ó Meachair ag casadh an chéid, agus baisteadhbaistaíodh é leis an t-ainm neamhghnách Lorenzo Iognáid. Bhí an t-ainm Lorenzo á úsáid sa chlann ar feadh na blianta fada, agus bhí sean-uncail aigeleis a bhí ina dhochtúir cabhlaigh. Tháinig Lory ar an saol i dteaghlach a bhí an-ghníomhach i bpolaitíocht náisiúnach agus sna cluichí Gaelacha. Creidtear go raibh a athair, Henry Joseph Meagher, ag an gcéad cruinniú a bhí ag an g[[Cumann Lúthchleas Gael]] riamh nuair a bunaíodh é i n[[Durlas]], [[Contae Thiobraid Árann]] sa bhliain [[1884]]. Níl raibh ábhar ionaidh é gur ghríosaigh Henry a pháistí chun an iomáint a imirt.
 
Taobh amuigh den pháirc imeartha, ba fhear cútháilcútháileach agus cuibheasach é Lory ina shaol pearsanta. Chaith sé a bhliantashaol ar fad ag obair ar an bhfeirm, agus níor phós sé riamh. Bhí sé lán-sásta an cáil a sheachaint, agus é féin a choimeád as an spotsolas. Mar gheall ar an dearcadh seo, bhí sé amhrasach i gcónaí lei leith hiriseoirí chomh maith.
 
==Gairmréim imeartha==
Líne 11:
 
===Idir-chontae===
Thiar sa bhliain 1924 a fuair Meagher a chéad deis chun dul ag imirt leis an bhfoireann idir-chontae, i gcluiche in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Chaill na Cait an cluiche seo, áfach, ach bhí siad ar ais sa bhliain 1925 nuair a bhain siad Craobh Laighean, agus bhí a chéad corn buaite ag an imreoir óg. Ní raibh ann ach díomá arís dóibh sa chluiche leathcheannais, nuair a fuair Tiobrad Árainn an lámh in uachtar orthu.
 
Bá bhliain iontach í 1926 do Mhuintir Uí Meachair, nuair a tháinig a dheartháireacha Henry agus Willie isteach i bhfoireann na gCat. Bhí tús maith acu chomh maith, le bua i gCraobh Laighean agus áit ina chéad cluiche ceannais na hÉireann. Thugadar aghaidh ar Chorcaigh ar an lá seo, lá ina raibh Páirc an Chrócaigh clúdaithe faoi bhrat sneacht. Fuair na Ceannarcaigh an bua, le scórlíne deiridh 4-6 go 2-0. Buille tubaisteach a bhí ann do mhuintir iomána Chill Chainnigh, agus tháinig meath mór ar an bhfoireann idir-chontae ar feadh tamaill gearr.
 
Bhí 1931 ann nuair a thosaigh cúrsaí ag éirí níos fearr do na Cait, agus tháinig siad ar ais le Ó Meachair ina chaptaen orthu. Bhain sé a tríú corn LaigheanLaighin amach, agus cháiligh Cill Chainnigh don chluiche deiridh arís. Cé a bhí ann ag fanacht dóibh ach na Ceannarcaigh arís. Ócáid iontach a bhí ann, cluiche géar a chríochnaigh ar chomscór 1-6. Bhí ath-imirt de dhíth mí níos dhéanaídéanaí, cluiche a bhí chomh géar is a bhí an chéad babhta. Bhí Ó Meachair ag imirt ag barr a mhaitheasa ag an am seo, rud a léirigh sé go soiléir le sár-chúilín a chuir sé thar an trasnán ó 90 slat amach ar an bpáirc. In ainneoin an sár-iarracht a chuir Ó Meachair isteach, ní raibh faic idir na foirne ag deireadh an lae, agus imríodh comhscór arís 2-5. Mar sin, lean an sága ar aghaidh go dtí an tríú cluiche, an dara ath-imirt, ach gortaíodh Meagher sa dara cluiche (easna briste) agus níor ghlac sé páirt. Mar gheall ar ghortú a gcaptaen, ba bheag nar ghéill na Cait agus sheol siad amach foireann óg a chaill le scór deiridh 5-8 go 3-4.
 
Cé go raibh sé ar thaobh na gcailliúnaithe i ndá chluiche ceannais, níor chaill Lory Ó Meachair mhuinínmuinín ar bith. Bhuaigh na Cait Craobh LaigheanLaighin arís sa bhliain 1932, agus ghlac siad áit sa chluiche mór arís. Bhí Curaidh na Mumhan, an Clár, ós a gcomhair an bhliain seo. Chuir Ó Meachair sár-thaispeántas isteach arís ar an lá, le cúl ó phoc sleasadh a bhain an corn dóibh, 3-3 in éadan 2-3. Sa deireadh, bhí a chéad bonn uile-Éireann aige.
 
An bhliain ina dhiaidhdar singcionn, bhuaigh Ó Meachair agus na Cait boinn sa tSraithchomórtas Iomána Náisiúnta, an chéad uair a bhaineadar an trófaí agus an ceann deireanach go dtí 1962. Lean an rath ar aghaidh i gcraobh na hÉireann, le bua i gCraobh LaigheanLaighin agus sa chluiche leathcheannais. Luimneach a bhí ann ina n-éadan, ach ní raibh siad ábalta na Cait a chloígh agus thóg Ó Meachair a dara bonn uile-Éireann abhaile. Chaill Cill Chainnigh a gcoróin i gCraobh LaigheanLaighin áfach sa bhliain 1934. Ní dhearna siad an botún céanna sa bhliain 1935, agus bhain siad an craobh amach arís, an séú ceann do Ó Meachair. Bhuail siad le Luimneach arís sa chluiche mór - curaidh na hÉireann, curaidh an tSraith agus gan chailliúint i 31 cluiche. Mar gheall ar seo, creideadh go mbeadh bua éasca eile ag na Mumhanaigh. Tháinig 46,000 amach go Páirc an Chrócaigh ar lá an chluiche. Cé go raibh an bháisteach ag titim go trom, níor chuir sé isteach ar chaighdéan na hiomána, agus imríodh ceann de na claissaicí is mó. Ní raibh a lán idir na foirne sa chéad leath, ach ag tús an dara leath sheol Ó Meachair, captaen na foirne, cúilín ollmhór thar an trasnán ó lár na páirce, agus d'oscail sé bearna nach ngéillfeadh na Cait arís. Bhí an lá ag na gCait, an tríú bhonn do Ó Meachair. Tar éis an bua stairiúil seo, d'fhógair Ó Meachair go mbeadh sé ag cur deireadh leis a ghairmréim idir-chontae.
 
=="Bród Tullaroan"==
Tugtar Bród Tullaroan ar an teach ina chaith Lory Ó Meachair a shaol ina chónaí leis a dheirfiúracha, agus tá sé oscailte don phobal sa lá atá inniu ann. Teach feirme dhá stór le díon tuí atá ann ón 17ú haois, a athchóiriú ag tús na 1900idí. Tugann sé léirgheasléirgeas maith isteachdúinn i saol theaghlaigh feirmeoireachta réasúnta compórdach ón ré seosin. Tá ionad taispeántais agus músaem le fáil ann a thaispeánann an iliomad éachtaí a rinne Cill Chainnigh sna cluichí Gaelacha. I measc na rudaí atá bailithe ann, roinnt de na boinn agus duaiseanna spóirt a bronnadhbhronnadh ar Ó Meachair le linn a shaoil gaisciúl.
{{síol}}
[[Catagóir:Iománaithe]]