An difríocht idir athruithe ar: "An Spidéal"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 18:
[[Íomhá:An_Spidéal_131104-1.jpg|280px|thumb|left|Cuan an Spidéil (An tSeanchéibh) ina lag trá, 13 Samhain 2004]]
Tá an Spidéal suite i nGaeltacht [[Conamara|Chonamara]] agus cé go bhfuil an [[Gaeilge|Ghaeilge]] in uachtar i gcónaí in imeachtaí poiblí sa gceantar, tá labhairt na teanga trí chéile san áit ag teacht faoi bhrú (mar atá sa [[Gaeltacht|nGaeltacht]] ina hiomláine.) Béarla is mó a chloistear á labhairt i ngnónna na háite agus ceaptar gur thart ar leath na dteaghlach san áit a úsáideann an Ghaeilge mar theanga bhaile. De bhrí go bhfuil an Spidéal cóngarach go leor do Chathair na Gaillimhe, tá sé tarraingteach mar áit chónaithe; tá roinnt mhaith daoine nua tagtha chun cónaithe san áit le tamall de bhlianta anuas, go mór mór in eastáit nua tithíochta gar don sráidbhaile.
 
Is é Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta an eagraíocht forbartha pobail atá ag feidhmiú san áit, agus tá gníomhaíochtaí éagsúla idir lámha ag an gComhlacht Forbartha ar mhaithe leis an ceantar a chur chun cinn.
 
{{stumpa}}