An difríocht idir athruithe ar: "CLG Tobar Phádraig"

Content deleted Content added
Already in relevant subcats
mNo edit summary
Líne 22:
Is club [[Cumann Lúthchleas Gael]] i [[CLG Coiste Luimneach|gContae Luimnigh]] é '''Tobar Phádraig '''. Tá sé bunaithe sa chuid theas de pharóiste Tobar Phádraig/Baile Brún, 10km siar ó dheas ó [[Luimneach|Chathair Luimnigh]]. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Tobar Phádraig agus ó na ceantracha tuaithe máguaird.
 
Imrítear [[peil Ghaelach|peil]] agus [[iománaíocht|iomáint]] ach bhí béim an chlub i gcónaí go láidir ar an iomáint óna bhunú. Is é Tobar Phádraig an club iomána is láidre sa chontae le daichead bliain anuas agus ba é an t-aon chlub amaháinamháin i Luimneach a raibh foireann sinsear agus idirmheánach aige (chomh maith le foireann sóisear B) go dtidtí gur thit an dara fhoireann síos go sóisear A sa bhliain 2008.
 
Cé go raibh an-shuim ag muítirmuintir na h-áiteháite i gconaígcónaí san iomáint, ní raibh aon foireann dá gcuid féin acu roimh an mbliain 1943 agus d’imríodar le [[CLG Baile Brún|Baile Brún]], an club eile sa pharóiste, agus le clubanna paróistí eile gar don sráidbhaile ar nós [[CLG Mungairit|Mungairit]], [[CLG Áth Dara|Áth Dara]] agus [[CLG Craobh Chumhra|Craobh Chumhra]]. Thit an chéad iarracht as a chéile i ndiaidh dhá bhliain ach athbhunaíodh an club atá fós sa lá inniu ann sa bhliain 1947.
 
Ghnóthaigh Tobar Phádraig a chéad chorn chontae, an Craobh Iomána Sóisear A, sa bhliain 1955 agus ba sa bhliain 1965 a tháinig Craobh Iomána Sinsear Contae Luimnigh chuig an gclub don chéad uair. D’éirigh leo arís seacht n-uair déag sna blianta 1966, ’69, ’70, ’77, ’79, ’82, ’83, ’84, ’87, ’88, ’90, ’93, ’95, ’96, ’97, 2000 agus ’03 agus táid sa dara áit i measc buaiteoirí an choirn. Buadh Craobh Iomána Sinsear Club na Mumhan sna blianta 1988 agus 1990.
Líne 32:
Tá páirc imeartha an chlub suite i gceartlár shráidbhaile Tobar Phádraig. Ceannaíodh le linn blianta na 1950í í agus tá sí ainmnithe i gcuimhne Antóin Uí Bhriain (''Tony O'Brien''), an chéad iománaí as Tobar Phádraig ar imir ar fhoireann sinsear an chontae.
 
I measc iománaithe cáiliúile ancáiliúla an chlub, tá bainisteoir reatha foireann Luimnigh Risteárd Ó Binéid (''Richie Bennis'') agus Proinsias Ó Nualáin (''Frankie Nolan'') a bhuaigh bonn [[Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann|Craobh na hÉireann]] sa bhliain 1973 agus Leonárd Ó hIonrachtaigh (''Leonard Enright''), Gearóid Ó Ciarba (''Gary Kirby''), Ciarán Ó Ciardha (''Ciarán Carey'') agus Brian Ó Muirí (''Brian Murray'').
 
==Naisc sheachtracha==