An difríocht idir athruithe ar: "Art Ó Gríofa"

Content deleted Content added
m robot Adding: gl:Arthur Griffith
m →‎Óige: Nasc
Líne 26:
Ba i m[[Baile Átha Cliath]] a rugadh Art Ó Gríofa (nó Ó Gríobhtha) ar an 31 Márta 1871. Ba de shliocht Bhreatnach é agus fuair sé a chuid oideachais ó na [[Bráithre Críostaí]]. Bhí a athair ina chlódóir sa nuachtán ''[[The Nation]]'', agus bhí sé ar cdhuine de na fostaithe a glasáladh amach le linn aighneas tionslaíochta go luath sna [[1890í]]. Chaith Art é féin tamall ag obair mar chlódóir roimh dhul isteach i g[[Conradh na Gaeilge]], agus i m[[Bráithreachas na Poblachta|Bráíthreachas na Poblachta]], an IRB. Bhuail an eitinn é agus chuaigh sé go dtí an [[Afraic Theas]] ar feadh bliana ar mhaithe lena shláinte. Thug sé tacaíocht do [[na Bóraigh]] ina n-iarrachtaí a neamhspleáchas a chosaint ón m[[Breatain]] agus bhí an-mheas aige ar [[Paul Kruger]].
 
Ar theacht ar ais go hÉirinn dó i [[1899]], bhunaigh sé nuachtán darbh ainm ''[[The United Irishman]]''. Bhí Ó Gríofa an-ghéar ar fad ina ionsaithe ar Pháirtí Parlaiminteach a linne, ach níor liobrálach ná [[sóisialach]] ar dhóigh ar bith é féin. Mheas sé go raibh córas impiriúil na [[Rúis]]e agus na [[Gearmáine]] níos fearr ná córas na Breataine. Bhunaigh sé eagraíocht darbh ainm [[Cumann na nGaedhalnGaedheal]] chun cur i gcoinne chuairt rí [[Shasana]] ar Éirin i [[1904]].
 
Chuaigh Cumann na nGaedheal i bpáirt le heagraíochtaí eile i [[1905]] agus bunaíodh Sinn Féin. Cuireadh an dlí ar pháipéar Uí Ghríofa, ''The United Irishman'' agus dúnadh é, ach thosaigh sé nuachtán eile faoin teideal Sinn Féin láithreach bonn. Páipéar laethúil a bhí ann go dtí gur cuireadh faoi chois é [[1914]].