An difríocht idir athruithe ar: "Earnán de Blaghd"

Content deleted Content added
Naisc, catagóirí
No edit summary
Líne 1:
Polaiteoir [[Éire]]annach ab ea é '''Earnán de Blaghd''' ([[Béarla]]: ''Ernest Blythe'', [[13 Aibreán]] [[1889]] - [[23 Feabhra]] [[1975]]). [[Protastúnachas|Protastúnach]] ó [[Lios na gCearrbhach]] ab ea é. Ghlac sé páirt sa troid ar son neamhspleáchas na hÉireann, ach nuair a bhí [[Éirí Amach na Cásca]] faoi lán an tseoil i m[[Baile Átha Cliath]], bhí seisean díreach sa phríosún. Thug sé an-tacaíocht don [[Conradh Angla-Éireannach|Chonradh Angla-Éireannach]]. agusToghadh é mar Theachta Dála do Mhuineachán Thuaidh sa bhliain [[1918]] agus ó shin go [[1922]] bhí sé ina Aire ar an Roinn Tionscail agus Trádála. Ceapadh mar Aire Airgeadais é i rialtas [[Liam Tomás Mac Cosgair]]. Cáineadh go géar é nuair a d'ísligh sé an pinsean ó 10 scilling go 9 scilling. Chaill sé a shuíochán san bhliain [[1933]]. Ba bhall sinseareach de na [[Léinte Gorma]] é san [[1930í]]. D'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain [[1935]] le dul le hamharclannaíocht. Bhí sé ina Ghaeilgeoir dílis riamh, agus d'fhoilsigh sé trí leabhar dírbheathaisnéise sa teanga, mar atá, ''Trasna na Bóinne'' (1957), ''Slán le hUltaibh'' (1971), agus ''Gaeil á Múscailt'' (1973).
 
Bhí Earnán ag obair mar iriseoir sinsireach leis an ''North Down Herald'' i [[1909]].