An difríocht idir athruithe ar: "Pori"

Content deleted Content added
No edit summary
cúpla nasc
Líne 20:
Cathair in Iarthar na [[An Fhionlainn|Fionlainne]] í '''Pori''' ([[Sualainnis]]: ''Björneborg'', nó "Cathair na mBéar" - leagan truaillithe den ainm seo is ea é an leagan [[Fionlainnis]]e). Bhí 76,355 duine ina gcónaí ansin ar an 31 Lúnasa 2008. Is í féile an t[[Snagcheol|snagcheoil]], nó ''Pori Jazz'', is mó a thabhaíonn clú don áit taobh amuigh den Fhionlainn, ach thairis sin, tá clú ar na cladaí gainimh in Yyteri agus ar an bhfoireann áitiúil haca oighir, ''Porin Ässät''.
 
Is iomaí uair a chuaigh an chathair trí thine, agus nuair a tharla sin an uair dheireanach, faoi dheireadh na [[19ú haois|naoú haoise déag]], thug an tImpire ar an [[Ailtireacht|ailtire]] Georg Theodor von Chiewitz cuma nua a chur ar an áit ar fad. Theastaigh ó Chiewitz cuma níos fairsinge a bheith ar an gcathair, agus a aithne sin ar chuid mhór de Phori inniu féin.
 
Tá clú ar an inscríbhinn Laidine[[Laidin]]e ar halla na cathrach freisin: ''Curia Arctopolis'' ("áras Chathair na mBéar"). Ó nach bhfuil mórán Laidine ag muintir na cathrach, is é an chiall a bhain lucht an ghrinn as na focail ná ''kuri ja ankara poliisi'' ("smacht agus dianphóilíniú").
 
{{síol}}