An difríocht idir athruithe ar: "Béal Átha na Sluaighe"

Content deleted Content added
Bastique (plé | dréachtaí)
No edit summary
No edit summary
Líne 11:
daonra_thuathúil = 588 (2002) |
}}
Baile in oirthear [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]] le daonra thart ar 6000 is ea '''Béal Átha na Sluaighe'''. Tá sé ar an mbóthar N4 as [[Gaillimh]] go [[Baile Átha Luain]] agus [[Baile Átha Cliath]], i lár na h[[Éire]]ann. Stopann traen na Gaillimhe ar a bealach go Baile Átha Cliath sa bhaile freisin. Tá an baile suite ar an[[An tSocatSuca]], agus ceaptar gur mar gheall ar an oiread daoine a bheith ag trasnú na habhann ag an bpointe sin a thuill sé a ainm. Tá aonach mór ar an mbaile ón 18ú Aois, agus tá sé ar na haontaí capall is faide ar bun san Eorap. Bíonn féile agus aonach fós ar bun ag an am chéanna gach bliain.
 
Tá aithne ar an mbaile mar go bhfuil dhá oispidéal ann, [[Ospidéal Phortiuncula]], ar ospidéal ghinearálta é, agus Ospidéal Naoimh Bríde, ospidéal [[meabhairghalar|meabhairghalair]]. Tá Ospidéal Naoimh Bríde ar tí dúnadh de réir mar a aistrítear othair meabharghalair go dtí cúram clinicí lasmuigh den [[ospidéal]], agus go minic go tithíocht a chuireann an stát ar fáil. Bhí monarchan ag comhlacht pinn [[SAM|Meiriceánach]] [[A. T. Cross]] sa bhaile, ach tá sé tar éis dúnadh, maraon le monarchan bróg Dubarry agus monarchan FourSquare. Cé go bhfuil Gaillimh ag fás, is beag dul ar aghaidh atá le sonrú i mBéal Átha na Sluaighe féin, mar gheall ar an gcailliúnt oibre leis na monarchain a dúnadh le blianta beaga anuas.